Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 20 October 2015

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Tuarascáil Nuashonrú ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht ó 2006 go 2011: Díospóireacht

2:10 pm

Ms Nóra Ní Loingsigh:

Tá roinnt mhaith den méid a bhí le rá agam ráite ag daoine roimh ré ar aon nós. Aontaím gur ghá an méid gur féidir de na moltaí ón Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm. Díreach le sampla a thabhairt maidir le cúrsaí oiliúna do mhúinteoirí bunscoile, tá a leithéid ar fáil ó Thuaidh, sna Sé Chontae, áit ina bhfuil 36 bunscoil atá ag múineadh trí mheán na Gaeilge le tuairim is 5,000 dalta. Ar an taobh seo den tír tá 270 bunscoil ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge le 45,000 dalta agus níl aon chúrsa oiliúna ar fáil trí mheán na Gaeilge nó a bhaineann le cúrsaí tumoideachais nó conas múineadh i scoil Ghaeltachta. Sin léargas ar an sórt rud a bheadh de dhíth ar na scoileanna lán-Ghaeilge sna Gaeltachtaí nó scoileanna gur mian leo aistriú le bheith ina scoileanna lán-Ghaeilge amach anseo.

Trasnaíonn cuid de sin isteach sa cheist a bhí ag an Teachta Seán Kyne maidir le páistí ag labhairt Gaeilge lena chéile ag am lóin sna scoileanna. Braitheann sé sin ar cad atá ag tarlú sa phobal áitiúil, cén sórt tacaíochta atá ar fáil dóibh, cé chomh nádúrtha atá sé dóibh a bheith ag labhairt Gaeilge lena chéile agus tagann sé ar ais go pholasaí a bheadh ag scoileanna. D'athródh sé sin ó scoil go scoil. Ó thaobh na Gaeltachta i gcomparáid le lasmuigh den Ghaeltacht, níl rogha scoile sa Ghaeltacht agus de réir mar a athródh cúrsaí teangain timpeall ar na scoileanna, d'athródh an bealach a mbeadh an teanga á húsáid laistigh den scoil. Lasmuigh den Ghaeltacht, is rogha iad na scoileanna lán-Ghaeilge. Tá an rogha sin glactha ag na tuismitheoirí agus i roinnt mhaith de na scoileanna tá polasaí láidir glactha acu cheana féin maidir leis an nGaeilge agus maidir le húsáid na Gaeilge laistigh den scoil. Is comhthéacs beagáinín éagsúil é sin ach b'fhéidir, mar a bhí an Teachta Ó Cuív ag rá, gur ar scáth a chéile a mhaireann muid agus go bhfuil rudaí le foghlaim againn óna chéile ó cad atá ag tarlú laistigh den Ghaeltacht agus cad atá ag tarlú lasmuigh den Ghaeltacht.