Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 20 October 2015

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Tuarascáil Nuashonrú ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht ó 2006 go 2011: Díospóireacht

2:10 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabh mo leithscéal go bhfuil mé déanach. Bhí mé ag cruinniú den Chomhchoiste um Poist, Fiontair agus Nuálaíocht. Ní comhalta mé den chomhchoiste seo agus mar sin níl na doiciméid nó na ráitis agam. Cuirim fáilte roimh na grúpaí éagsúla. Céard a cheapann siad faoin ráiteas ó thaobh an teanga go bhfuil rudaí ag feabhsú taobh amuigh den Ghaeltacht ach ag éirigh níos measa laistigh den Ghaeltacht? Tá sé ráite freisin go bhfuil laghdú tagtha ar an méid tuismitheoirí sa Ghaeltacht atá líofa sa teanga agus atá ag labhairt Gaeilge lena bpáistí. An aontaíonn na finnéithe leis sin? Más rud é go bhfuil sé fíor, cén fáth go bhfuil sé ag tarlú, dar leo? An mbíonn na páistí go léir i scoileanna Gaeltachta ag labhairt Gaeilge le chéile ag am lón nuair a bhíonn siad ag súgradh?

Ó thaobh na straitéise de, aontaím go gcaithfimid í sin a chur chun cinn agus go bhfuil tús curtha leis sin ach caithfimid níos mó a dhéanamh. Foilsíodh an straitéis i rith tréimhse ina raibh fadhbanna eacnamaíochta ann sa tír, ach tá a fhios agam nach bhfuil chuile rud sa straitéis bunaithe ar airgead. Tá cuóta curtha isteach againn ó thaobh earcaíochta de. Ceapaimse go gcaithfimid an cuóta sin a ardú go dtí 10%. Céard a cheapann na finnéithe faoi sin? Mura mbeadh fadhb ann le hairgead, da mbeadh an túdarás, Conradh na Gaeilge agus na grúpaí eile in ann aon airgead a theastódh uathu a fháil, an mbeadh siad sásta go mbeadh, i gceann cúig bliana nó deich mbliana, chuile dhuine sa Ghaeltacht líofa nó 90% líofa sa Ghaeilge? Níl chuile rud sa straitéis bunaithe ar airgead, ach teastaíonn airgead chun rudaí a fheabhsú ag an am céanna.