Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 21 April 2015

Joint Oireachtas Committee on Jobs, Enterprise and Innovation

The Creative Economy: Discussion

1:35 pm

Mr. Pól Ó Gallchóir:

Is cinnte go bhfuil an Ghaeilge ag meath ar fud na Gaeltachta, go bhfuil brú mór ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht agus go bhfuil an Ghaeltacht ag cúngú agus go bhfuil sin ag tarla i ngach Gaeltacht sa tír seo. Ach creidim gur ábhar dóchais é go bhfuil an Ghaeilge i bhfad níos láidre lasmuigh den Ghaeltacht. Creidim freisin go bhfuil cuid mhór de phobal na Gaeltachta anois - mar gheall ar an lagrach a bhí againn le roinnt blianta - réasúnta bocht i láthair na huaire agus go bfhuil imirce ann agus go leor daoine imithe. Mar sin, tá an Ghaeltacht níos laige ó thaobh saibhris teanga agus saibhris eacnamaíochta de. Ach sílim go bhfuil an Ghaeilge níos láidre ar fud na tíre agus go bhfuil ról tábhachtach ag TG4, mar aon leis An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, le fáilte a chur ar dhaoine agus an Ghaeilge a bhrú orthu. Tá ról ag TG4 an Ghaeilge a bhrú mar theanga ionas gur féidir éisteacht léi, breathnú uirthi agus sult a bhaint aisti agus oideachas a fháil. Caithfidh an Ghaeilge a bheith mar chuid dár saol agus caithfear fáilte a chur roimpi agus í a úsáid, cé acu an bhfuil duine ar bheagán focal nó ar mhórán focal.

It is true that technology has changed. Just four or five years ago at TG4, everything was on tape, it was standard definition, presentation was manual and everything was on long form content and we were broadcasting for Ireland. Today, however, we have a tapeless or file-based station, everything is high definition, transmission is fully automated, it is short and long form, is on all digital devices and is aired throughout the world. Tá athrú an-mhór tagtha agus is féidir linn seirbhís a chur ar fáil do gach duine ar fud an domhain.

Maidir leis an todchaí, the future, it is very challenging. However, if TG4 remains an Irish station with Irish content mirroring Irish life, music, sport, song and dance, I believe there will be a demand for it. Netflix, etc., is an additionality and is in demand, but if TG4 remains Irish with Irish content, sílim go mbeidh an pobal ag iarraidh breathnú ar stáisiún TG4, atá mar íomhá ar shaol na tíre seo.