Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 January 2015

Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions

Ról agus Cúram: An Choimisinéara Teanga

4:00 pm

Mr. Rónán Ó Domhnaill:

Luaigh an Seanadóir an méid a bhí le rá agam faoi Acht an Gharda Síochána, an tAcht Iompair agus an tAcht Oideachais. Bhí sé i gceist agam go bhfuil cumhachtaí faoi leith sna hAchtanna sin a chuireann dualgaisí ar chomhlachtaí poiblí, agus gur maith ann iad. Bíonn an-tionchar acu ar chúrsaí. Mar shampla, tá sé luaite in Acht an Gharda Síochána, 1924 go gcaithfidh Gaeilge a bheith ag gardaí atá lonnaithe sa Ghaeltacht. Is as sin a d'eascair an imscrúdú a rinne Oifig an Choimisinéara Teanga faoi líon na ngardaí i gceantair Ghaeltachta, agus is as sin a d'eascair an próiseas earcaíochta atá ar bun ag an Garda Síochána chun breis daoine le Gaeilge a earcú. B'fhiú féachaint an bhfuil aon rud le foghlaim ó Achtanna mar sin ó thaobh neart agus brí agus iad a chur faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla chomh maith.

Maidir le comhlachtaí a thabhairt isteach go huathoibríoch, tá sé sin luaite i gcinn an Bhille a fhoilsíodh an bhliain seo caite. Nuair a fhoilsítear an reachtaíocht, tá sé ríthábhachtach go mbeidh sé le feiceáil go dtabharfar isteach aon chomhlacht a bhunaítear amach anseo go huathoibríoch faoin Acht. Ní cheart go mbeimid ag fanacht le ordú ó Aire Rialtas, ón Dáil nó ón Oireachtas chun é sin a dhéanamh. Ba cheart go dtarlódh sé go huathoibríoch. Mar a dúirt mé, níor tharla sé seo ach uair amháin go dtí seo. Chonaic muid samplaí den fhadhb seo i gcás Uisce Éireann. Níor tháinig sé go huathoibríoch faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. Da bhrí sin, ní raibh dualgaisí ar an gcomhlacht sin ó thaobh na Gaeilge. Is fiú a lua go ndearna siad roinnt nithe suntasacha agus tábhachtacha ó thaobh na Gaeilge. Bhí deacachtaí fós ann ó thaobh foirmeacha iarratais ar líne.

Fuair Oifig an Choimisinéara Teanga 115 gearán anuraidh ina iomláine nach rabhamar in ann déileáil leo toisc nár tháinig na comhlachtaí sin faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla mar gheall nach raibh sceideal ann a bhí ag feidhmiú go huathoibríoch chun comhlachtaí a thabhairt isteach faoin Acht. Bhain 40 acu sin leis an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, 17 acu le Uisce Éireann agus trí cinn acu leis an tSeirbhís Náisiúnta Tástála Gluaisteán, leis an Comhairle Mhúinteoireachta agus leis an tÚdarás Rialála Seirbhísí Maoine. D'éirigh leis na gearánaigh réitigh neamhfhoirmiúla a fháil i gcuid de na cásanna sin in ainneoin nach raibh dualgas reachtúla ar na húdaráis faoi chaibidil. Cuideodh sé go mór dá mbeadh sé ann go dtabharfar comhlachtaí nua isteach go huathoibríoch. Tá mé ag tnúth go gcuirfear é sin ar fáil nuair a fhoilseofar an Bhille nua. Glacaim leis go mbeidh na comhlachtaí ar fad faoi scáth an Achta nuair a bheidh an reachtaíocht nua i bhfeidhm. Tá sé sin go maith, ach céard a tharlóidh nuair a bheidh comhlacht nua á bhunú tar éis foilsiú an Achta? Tá súil agam go mbeidh an dualgas seo ar fáil go huathoibríoch.

An chaoi is fearr go bhféadfainn an cheist a chuir an Seanadóir maidir le tráchtas ar an Acht a fhreagairt ná a rá go bhfuil an chumhacht agam de réir forálacha an Achta labhairt ar fheidhmiú an Achta. Rinne an oifig tráchtas ar fheidhmiú an Achta píosa ó shin. Mar a dúirt mé, tá bearna idir an méid a fheiceann muid atá ag teastáil ón bpobal - ó na gearáin a thagann isteach agus ó bheith ag labhairt leis an bpobal - agus an méid atá foilsithe i gcinn an Bhille. Tá trí mhór-rud atá in easnamh, dar liom. Ar an gcéad dul síos, ba cheart go mbeadh rangú i gcatagóirí déanta ar chomhlachtaí poiblí ag brath ar an méid teagmháil a bhíonn acu leis an bpobal. Mar shampla, d'fhéadfadh 40 nó 50 comhlacht atá bainteach go príomha leis an bpobal bheith i gcatagóir A, le comhlachtaí eile i gcatagóir B agus comhlachtaí eile i gcatagóir C. Ar an dara dul síos, is dóigh linn gur cheart go mbeadh rialacháin leagtha síos go díreach sa reachtaíocht féin, gan bheith ag brath ar aon scéim teanga, a leagann dualgaisí ar na comhlachtaí sin, ag brath ar cén chatagóir ina bhfuil siad. Bheadh níos mó dualgas ar chomhlacht i gcatagóir A i gcomparáid le comhlacht i gcatagóir B, mar shampla. D'fhéadfadh scéim teanga bheith mar chrann taca dóibh, seachas bheith mar chroílár na ndualgais atá orthu. Ar an tríú dul síos, ba cheart go mbeadh foráil dhíreach sa reachtaíocht féin maidir le seirbhísí a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta - go mbeadh dualgas ar oifigigh Stáit atá lonnaithe sa Ghaeltacht, nó atá ag cur seirbhísí ar fáil sna ceantair aitheanta sin, a leithéid a dhéanamh trí Ghaeilge. Níl na trí rud sin i gcinn an Bhille mar atá siad faoi láthair. Is easnamh atá ansin.

Chuir an Seanadóir ceist orm faoi Údarás Craolacháin na hÉireann. Chuala mé faoin mhéid a tharla ar mo bhealach suas go Baile Átha Cliath ar maidin, ach ní bhfuair mé deis an rialú sin a scrúdú go fóill. Bheadh orm an scrúdú a leámh ina iomláine.