Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 25 November 2014

Joint Oireachtas Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht

Future Plans: Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

4:35 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Caithfidh mé leithscéal a ghabháil mar tá mé le bheith in áit eile ag fiche tar éis a cúig. Mura mhiste leis an gcoiste, cuirfidh mé mo cheisteanna le go mbeidh siad ar an dtaifead agus beidh mé ábalta na freagraí a léamh ar ball.

Baineann mo chéad cheist le ceann de na ceisteanna a tháinig aníos an t-am seo an bhliain seo caite. Gach bhliain scaoiltear na comhaid atá sa gCartlann Náisiúnta le go mbeidh iriseoirí ábalta féachaint orthu agus anailís a dhéanamh ar na rudaí a tharla 30 bliain ó shin. Bhí moill ollmhór ar an Roinn seo anuraidh agus deirtear liom nach bhfuil an obair faoi riar i mbliana ach an oiread don réamhthaispeántas sin do na meáin ag tús Mí na Nollag. Ar mhiste libh a rá an bhfuil sin chun tarlú i mbliana in am, mar a tharlaíonn sna Ranna eile, nó mura bhfuil?

Ó thaobh na comórthaí, rinne mé mo chuid pointí sa Seanad an tseachtain seo caite leis an Aire agus níl mé chun díriú ar aon rud eile, ach amháin ar conas a seasann an cheist maidir le cómhaoiniú do Theach an Phiarsaigh? Tá €2 mhilliúin curtha ar leataobh i mbuiséad Údarás na Gaeltachta agus tá an Roinn ag iarraidh ar an údarás dul ar aghaidh le togra gan an cómhaoiniú a bheith aontaithe ó na Ranna eile. Tá sin aisteach - a bheith ag cur an dualgais sin orthu. Chomh maith le sin, má tá an €2 mhilliúin sin á thógáil as buiséad an údaráis, cá bhfágann sé sin an t-údarás? Sin €2 mhilliúin a bhí le caitheamh aige ar rudaí eile an bhliain seo caite. Beidh siad gann i ndiaidh sin. Cén tionchar a bheidh ag seo ar an mbuiséad chaipitil?

Maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, i gcead don Aire Stáit, tá súil agam nach dtiocfaidh sé chun cinn i mbliana. Sílim go bfhuil lochtanna bunúsacha leis an gcur chuige atá ag an Roinn agus léiríodh é sin ag an bhfochoiste a bhí ann ar maidin i dtaobh an coimisinéir teanga sa Bhreatain Bheag. Sílim gur b'fhiú fanacht leis an rud atá againn seachas dul ar gcúl leis na moltaí atá déanta go dtí seo agus sílim gur cóir athbhreithniú iomlán a dhéanamh.

Maidir le maolú na Gaeilge san Aontas Eorpach agus an 188 post atá le cur ar fáil. Bhí deich mbliana ag an Rialtas le bheith ag obair ar seo. An bhfuil an Rialtas chun deireadh a chur leis an maolú sin anois agus an bhfuil sé chun na poist sin a chur ar fáil?

Freisin, céard atá ag tarlú maidir le bád farantóireachta ar Inis Mór agus ó thaobh maoiniú don seirbhís farantóireachta i rith na bliana ar fad? Tá ceisteanna agam freisin faoin gcéibh ar Inis Oírr agus faoi chúrsaí uisce ar an oileán sin. D'ardaigh an comharchumann na ceisteanna seo leis an Roinn, ach céard atá ar siúl maidir leo? Luaigh an tAire na deacrachtaí ó thaobh an scéim Leader agus mar sin de. Tá deacracht ollmhór ag na hoileáin Galltachta ó thaobh an mhaoinithe reatha. Deir an Roinn go bhfuil an maoiniú ar fáil go dtí Mí an Mhárta seo chugainn, ach níl siad sásta leis an leagan amach sin. Cad iad na socruithe atá á chur in áit ag an Roinn le go mbeidh socrú fadtéarmach ann dóibh siúd?