Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 21 October 2014

Joint Oireachtas Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht

Water Tariffs: Commission for Energy Regulation

4:45 pm

Mr. Garrett Blaney:

Dá mbeadh na costais ann, bheadh muid in ann sin a dhéanamh. Táimid ag iarraidh é a dhéanamh sa dóigh agus go bhfuil na costais ag dul leis na gcostais a thuaradh dúinn. Má fhaigheann muid an t-eolas sin as seo amach agus más 40% agus 60% na figiúirí ceart, glacfaimid leo sin agus cuirfidh muid na figiúirí eile sin i bhfeidhm.

Ardaíodh ceist eile faoin bhliain 2016, agus ar chóir cap a chur go dtí an pointe sin. Caithfimid teacht ar ais ar an gceist sin. Mar a luaigh Mr. McGowan, caithfimid dul isteach sa scéal de réir mar atá ag tarlú mura bhfuil an méadar i gceist. D'íoc an córas as an méadar a chur isteach ach ní bheidh sé in úsáid i gceart mar nach mbeidh na figiúirí cearta ag dul tríd an gcóras mar go bhfuil an "cap" i gceist. Tá costais le sin, mar níl incentive ar an duine atá ag úsáid an uisce níos lú uisce a úsáid. Mar a dúirt an Deputy, tá sin an-tábhachtach de réir costais iomlán a choinneáil síos sa chóras. Níor mhaith linn sin a chailliúint. Má chailleann muid sin, níl sin go maith don chóras iomlán.

De réir an costas atá curtha isteach ag an Rialtas, is é €238 an mheán ag an bpointe seo. Gan an costas ón Rialtas, tá sé cor agus a bheith €600. Sílim gur €594 an costas iomlán atá i gceist, gan an t-airgead ag teacht isteach go díreach ón Rialtas.

Is cinneadh don Rialtas é an méid airgid a bhfuil sé chun cur isteach agus an méid airgid atá ag dul isteach go díreach go dtí an bille. Níl scéal ar bith le cur isteach ag duine sa scéal sin. Maidir le group schemes, baineann na táillí atá ag baint leo siúd leis na rátaí tráchtála atá ann. Tá siad ag ceannach uisce ó Uisce Éireann cosúil le duine ar bith eile sa chóras sin. Níl go leor fíricí againn chun é sin a athrú. Tá sé bunaithe i láthair na huaire ar na bhfigiúirí atá ann sa lá atá inniu ann. Nílimid chun é sin a athrú go dtí go bhfuil na fíricí uilig againn.