Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 21 October 2014
Joint Oireachtas Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht
Water Tariffs: Commission for Energy Regulation
4:45 pm
Mr. Garrett Blaney:
Déanfaidh mé mo dhícheall freagra a thabhairt as Gaeilge. Rachaidh mé ar dtús go dtí an cheist deireannach, faoi uisce isteach agus uisce amach. Mura bhfuil uisce isteach nó amach le n-íoc, íocann an duine leath. Tá sin bunaithe ar cad atá againn sa legislation, mar bhí orainn sin a úsáid. De réir costais - labhair Ms Mannion faoi seo níos luaithe - rinne muid idirdhealú go mbeadh sé leath ar leath toisc nach bhfuil fíricí cinnte againn ag an bpointe seo. Má bhíonn fíricí níos fearr le fáil as seo amach, rachaidh muid leis na fíricí nua sin, ach níl na fíricí sin le fáil i láthair na huaire. Mar sin, leath ar leath an dóigh is fearr gur thig linn tomhas a chur air ag an bpointe seo.