Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 8 July 2014

Joint Oireachtas Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht

Licensing and Harvesting of Seaweed in Ireland: Discussion

6:00 pm

Mr. Dónall Mac Giolla Bhride:

Le cead ón údarás, ba mhaith liom labhairt ó hata iar-fhostaí de chuid an údaráis agus mar bhainisteoir Arramara faoi láthair. Chuir an Teachta Ó Cuív ceist agus cuirfidh mé an cheist chéanna. Cén uair ar thug an t-údarás faoi deara go raibh ceadúnas ag teastáil? Fuair an t-údarás úinéireacht ar Arramara ar 16 Deireadh Fómhair 2006. Tháinig sé ó Roinn na Mara, ag a raibh tromlán na scaireanna, agus trí lámha an Teachta Ó Cuív, a bhí mar Aire ag an am.

An fáth go bhfuil mé ag dul siar go dtí 2006 ná, mar a dúirt mé níos luaithe inniu, bhí cruinniú againn le Roinn na mara i 2006 inar ardaigh muid ceist bhainistíóchta Arramara. Bhí mise mar ionadaí ar son an údaráis, an scair shealbhóir ag an am. D'ardaigh muid ceist faoi cheadúnais le haghaidh baint feamainne agus chuaigh muid chuig Roinn na mara chun an cheist seo a phlé. Cuireadh in iúl dúinn ag an am, le bheith 100% fírinneach faoi, nach raibh aon pholaiteoir sa tír a bheadh ag iarraidh dul in aice leis an gceist seo ag an am. Go deimhin, ní raibh aon státsheirbhíseach ag iarraidh díriú air ach an oiread, mar gheall go raibh muid istigh ag am go raibh cainteanna faoi cheadúnais iascaigh agus seo siúd agus araile le ceist maidir le cearta bainte feamainne. Go bunúsach, is é an rud a dúradh linn ag an am: "Téigí ar ais, coinnigí oraibh ag déanamh an ruda atá sibh ag déanamh agus chomh fada agus nach bhfuil aon trioblóid ar an imeall thrá, an foreshore, ní bheidh aon cheist faoi."

Más féidir teacht ar aghaidh uaidh sin go dtí an lá inniu agus muid inár suí anseo, tá a fhios againn go bhfuil dearcadh áirithe maidir le baint feamainne agus leis an dhá saghas ceadúnais. Tá bainteoirí feamainne ag fáil litreacha ag rá go bhfuiltear ag briseadh an dlí trí bheith ag baint feamainne. Dúinn mar chomhlacht, bhí an cheist maidir le gá le ceadúnas i gcloigeann Arramara. Bhí ceist faoi na rialacha chomh fada siar le 2006 agus tá duine eile sa seomra seo atá in ann é sin a dheimhniú. Nuair a chuaigh mise isteach in Arramara, ag tús 2012 mar bhainisteoir, thuig mé an gá le seo a dhéanamh, agus sin an fáth gur thug muid faoin bpróiseas.

Dúirt an Teachta Ó Cuív go bhfuair an pobal amach go bhfuil an t-iarratas istigh ag Arramara.

Is é an fáth gur fuair an pobal amach go raibh iarratas istigh ag Arramara ná gur chuaigh muid amach i measc an phobail. Bhí cruinnithe poiblí againn leis na bainteoirí feamainne, rud nach raibh déanta ag aon iarratasóir eile ar cheadúnas. Is é an fáth gur fuair an pobal amach faoi iarratas Arramara ná gur dúirt mé leis an bpobal a raibh baint againn leo - na daoine atá ag baint fheamainne dúinn leis na blianta - é. Sheol mise amach os cionn 300 litir chuig bainteoirí feamainne. Chas mé leo ag sé chruinniú: i Leitir Móir, i gCill Chiaráin, ar an gClochán, i gCinn Mhara agus bhí péire i Maigh Eo freisin. Chlúdaigh mé gach ceantar le cinntiú gur thuig na bainteoirí feamainne go raibh muid ag déanamh iarratas ionas go mbeidís, mar bhainteoirí feamainne de chuid Arramara, in ann coinneáil leo ag baint fheamainne faoi cheadúnas Arramara. Ba é sin an teachtaireacht a thug muid do bhainteoirí feamainne Arramara i mí Márta na bliana seo, ag an am gur chuir muid isteach an t-iarratas. Tá iarratais eile istigh ar cheadúnais. Ní heol dom gur ndearna aon dream eile an rud céanna is a rinne muid. Chuaigh muid amach chuig na bainteoirí feamainne agus dúirt muid "táimid ag déanamh iarratas ar bhur son". Is é sin an teachtaireacht atá mé ag iarraidh a thabhairt.