Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 8 July 2014

Joint Oireachtas Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht

Licensing and Harvesting of Seaweed in Ireland: Discussion

6:00 pm

Mr. Steve Ó Cualáin:

Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh don mhéid a dúirt an Teachta Ó Cuív agus do rud a dúirt John Bhaba Jeaic Ó Conghaile níos luaithe.

Nuair a rinne mé an chéad ráiteas, dúirt mé go gcreideann muid nár chóir go gcuirfeadh córas rialacháin bac ar mhion-bainteoirí - sin iad na bainteoirí a bhí ag baint go dúchasach dóibh féin. Ba cheart go mbeadh siadsan bainte amach as an gcóras rialacháin. Tá sin ráite againn agus déarfaimid arís é má chuirtear ceist orainn faoin ábhar sin.

Maidir leis an bpróiseas go ginearálta, mar a dúirt mé níos luaithe, fuair muid an comhlacht seo i 2006 agus ag an am sin bhí sé iontach lag, goilliúnach agus i mbaol dúnadh. Theastaigh infheistíocht mór uaidh ag an am. Chuir an t-údarás a bhí ann ag an am infheistíocht mhór ar fáil dó agus rinneadh cuid mhór den infheistíocht sin. Ach, dá bheifí ag díol na monarchan ag an am sin, ní gheofaí tada uirthi. Ní raibh tada ann le díol, ach bhí gréasán de na bainteoirí feamainne ann agus tá siad ann i gcónaí. Is é an gréasán sin an rud atá luachmhar.

An plé ar fad a bhí againn go dáta maidir le forbairt an ghnó seo, rinne muid é ar son leasa mhuintir Chonamara agus muintir na Gaeltachta. Dúirt mé cheana, agus táim á athdhearbhú arís, nach bhfuil aon ról sonrach ná dleathach ag an údarás sa bpróiseas cheadúnais, ach tá an próiseas sin ag dul ar aghaidh anois agus beidh sé ag dul ar aghaidh ar feadh tréimhse. Beidh an próiseas oscailte agus trédhearcach agus beidh deis ag gach duine inchur a bheith aige ann. Ag deireadh an phróisis sin, táimid ag súil go mbeidh socrú déanta maidir leis na ceadúnais agus go mbeidh chuile duine sásta. Táimid ag guí, ag súil agus ag tnúth go mbeidh ról lárnach ag na bainteoirí feamainne agus ag muintir Chonamara sa gcóras sin. Ach is ceist don Stát í sin agus tá an Stát ag dul ag tabhairt aghaidh ar sin anois.