Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 8 July 2014

Joint Oireachtas Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht

Licensing and Harvesting of Seaweed in Ireland: Discussion

5:30 pm

Mr. Dónall Mac Giolla Bhríde:

Sa bhliain 2006, bhí mé i mo ról san údarás. Ag an am, bhí mé in éineacht le bainisteoir Arramara a bhí ag cur cás láidir i láthair go raibh gá ann ceadúnais a bheith ar fáil. Is léir go bhfuil athrú aigne tagtha ar roinnt daoine ó shin. Bhí mé leis an údarás ón bhliain 2006 go dtí gur chríochnaigh mé suas in Arramara ag tús na bliana 2012. Ba léir agus mé ag dul isteach in Arramara gur gá breathnú go géar ar cheist an ceadúnais.