Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 8 July 2014

Joint Oireachtas Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht

Licensing and Harvesting of Seaweed in Ireland: Discussion

5:20 pm

Mr. Dónall Mac Giolla Bhríde:

Is dócha go bhfuil sé de bhuntáiste agam féin go bhfuil mé bainte leis seo ó bhí 2006 ann, nuair a fuair an t-údarás úinéireacht ar Arramara i dtosach, mar bhí mé ag obair in Arramara ag an am. Ceann de na chéad rudaí a raibh mé páirteach ann, i mo ról san údarás, ná freastal ar chruinniú i mBaile Átha Cliath le Roinn na mara in éineacht le cathaoirleach agus le bainisteoir Arramara. Bhí cás á chur i láthair ag an mbainisteoir go mba gá iarratas a dhéanamh le go mbéadh ceadúnas bainte feamainne ag Arramara. Mar a dúirt an t-Uasal Deveau, bhí mé in éineacht leis ag an am, i 2007, nuair a chuaigh muid chuig Roinn na mara arís chun labhairt faoin ábhar chéanna. Ba léir dom go raibh gá le bainistiú ar an acmhainn feamainne. Sa bhliain 2012 bhí Arramara ag déanamh thar cionn sa méid is go raibh an t-acmhainn inmharthana faoina stiúir ach ba léir, don todhchaí agus chun forbairt a dhéanamh ar an tionscail, go raibh gá breathnú ar aghaidh agus forbairt a dhéanamh ar bhainistiú na hacmhainne feamainne.

Thosaigh muid amach ag plé le saineolaithe in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ag obair ar suirbhé ar an staid ina raibh an acmhainn, agus ag féachaint ar feabhas a chur ar bhainistiú na hacmhainne le cinntiú gur féidir leis an tionscal dul ar aghaidh. Is as sin i dtús 2012 a d'eascair an próiseas a chríochnaigh muid suas i mí Márta na bliana seo, nuair a cuireadh iarratas chuig an an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil ag lorg ceadúnas le haghaidh feamainn a bhaint.