Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 8 July 2014

Joint Oireachtas Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht

Licensing and Harvesting of Seaweed in Ireland: Discussion

5:10 pm

Mr. Séamus Mac Eochaidh:

Is féidir liom a dheimhniú go bhfuil an t-údarás ag fáil i bhfad níos mó ná mar a bhéadh le tabhairt ar ais. Is féidir liom a dheimhniú, agus tá seo freagraithe cheana sa Dáil, gur cheadaigh bord an údaráis pacáiste tacaíochta do Arramara Teoranta, mar a cheadaítear le haon chomhlucht, i leith infheistíocht atá le déanamh ag Arramara Teoranta. Ceadaíodh an pacáiste tacaíochta sin i gcomhréir leis na rialacha maidir le comhluchtaí Stáit. Tá an céatadán níos lú ná 10%. Mar sin, 10% agus 90% na céatadáin atá i gceist.

Maidir leis an gcóras marcála, bhí comhlucht ag tabhairt amach faoi seo ar maidin. Bhain an comhlucht céanna leas as an Acht um Saoráil Faisnéise agus cuireadh an t-eolas sin ar fad ar fáil don gcomhlucht sin. Déanann seo a threisiú cé chomh trédhearcach is atá an próiseas.

Is seirbhísigh poiblí muidne. Níl aon rud againn ach leas an Stáit an t-am ar fad.