Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 8 July 2014

Joint Oireachtas Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht

Licensing and Harvesting of Seaweed in Ireland: Discussion

5:10 pm

Mr. Séamus Mac Eochaidh:

Ní fheictear dom go bhfuil aon fhadhb maidir leis sin. Má tá rud ar bith nach féidir a fhoilsiú is féidir redacting a dhéanamh, ach tríd is tríd táimid sásta an próiseas sin a fhoilsiú. Próiseas trédhearcach a bhí ann.

Ó thaobh €2 mhilliún a bheith ar an mbord sular féidir tairiscint a dhéanamh, níl sé sin fíor. I gcomhráití leis an gcomhlucht sin luaigh mise figiúr a bheadh muid ag súil leis mar thairiscint ach ní hionann sin is a rá gur gá é a bheith ar an mbord. Nuair atá aon rud á dhíol, agus ceannathóir agus díoltóir ann, caitear figiúirí anonn agus anall ach ní raibh aon cheist gur coinníol a bhí ann.

Mar atá ráite cheana ag an bpríomhfheidhmeannach, níor dhíol muid ach na scarannaí. Is leis an t-údarás na foirgintí go fóill. Dhíol muid foirgneamh amháin mar chuid den phróiseas de bharr go raibh an foirgneamh sin ag titim as a chéile agus nach raibh muid sásta aon airgead a chaitheamh air mar thiarna talún. Sin an sean-stór thuas ar barr. Is linne na foirgintí eile agus is é Údarás na Gaeltachta an tiarna talún orthu. Dhíol muid na scarannaí. Dhíol muid, mar a dúirt Mr. Deveau ag an am, the pots and pans of the business, chomh maith leis an traidisiún a bhí imeasc na mbainteoirí a bheith sásta feamainn a chur ar fáil don chóras. Sin an méid a cheannaigh siad.

Cén fáth nár thosaigh siad comhlucht nua? Sin ceist dóibh siúd. Tá muidne thar a bheith sásta nach ndearna siad sin. B'fhéidir nach mbeadh an áis ag an Stát. Níl mé chun an praghas a lua. Tá clás rúndachta sa chomhaontú. D'fhiafraigh an Seanadóir an bhfuil coinníolacha eile ann. Thóg sé sé mhí na páipéir dlí a chur le chéile. Tá 80 leathanach sa share sale agreement. Tá go leor coinníolacha ann. An príomh coinníol ná seo. Muna chomhlíonann Acadian Seaplants Limited an méid atá sa chonradh, is féidir leo suas le 40% den chomhlucht a chailliúint. Is féidir le hÚdarás na Gaeltachta dul ar thóir 40% den chomhlucht muna chomhlíontar na coinníolacha uilig. Ní fhéadfaidh mé níos mó ná sin a rá, ach amháin go bhfuil an clásal sin ann. Tá go leor coinníolacha ann, go mór mór a bhaineann le hinfheistíocht agus soláthrú dos na custaméirí Éireannacha. Sin an príomh rud a bhí ag déanamh buartha don Aire. Theastaigh sé a chinntiú go mbeadh an infheistíocht déanta, go mbeadh soláthar ar fáil dos na custaiméirí Éireannacha. Ní fhéadfaidh mé níos mó a rá ach----