Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 8 July 2014

Joint Oireachtas Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht

Licensing and Harvesting of Seaweed in Ireland: Discussion

5:10 pm

Mr. Séamus Mac Eochaidh:

Fuair muid cead ón Aire Stáit a bhfuil cúram na Gaeltachta air, a bhí i gcomhairle leis an Aire Caitheachtais Phoiblí agus Athchóirithe. Is féidir liom a dheimhniú don choiste nár tugadh an cead sin go dtí go raibh Oifig an Ard Aighne sásta gur chomhlíon muidne chuile rud a bhí le comhlíonadh againn faoi réir an chóid cleachtais do chomhluchtaí Stát urraithe. Sa chaoi sin, de réir an chóid cleachtais do chomhluchtaí Stát urraithe níl gá le fógraí poiblí chun maoin a dhíol. É sin ráite, d'fhostaigh muid comhairleoir chun an próiseas sin a bhainistiú dúinn faoi treoracha a bhí an-soléir agus trédhearcach. Tugadh deis do naoi gcomhlucht cur isteach ar an bpróiseas, agus ní dhá chomhlucht. As an rud sin tháinig na comhairleoirí eile le dhá chomhlucht. Tuigim gur dúradh níos túisce go raibh comhlucht amháin nach bhfuair deis ach ag an nóiméad deireannach. Is féidir liom é sin a mhíniú. Nuair a thosaigh muid ar an bpróiseas i 2010, bhí an comhlucht sin, BioAtlantis, an-bheag, cé gur sár-chomhlucht é, agus bhí an t-Uasal Ó Súilleabhán anseo níos túisce. Creid nó ná creid, bhí sé chomh beag sin nár cheap na comhairleoirí gur fiú é a bheith ar an liosta mar nach raibh sé ag ceannach ach méid an-íseal ó Arramara. Sin an fáth gur fágadh ar lár é. Nuair a tháinig na comhairleoirí chugainn agus péire comhlucht á mholadh acu, rinne an t-Uasal Ó Súilleabhán teagmháil liomsa agus tugadh deis dó cur isteach ar an bpróiseas ag an bpointe sin. Is cinnte nach bhfuair an comhlucht bliain chun an tairiscint a ullmhú, ach ní bhfuair na comhluchtaí eile bliain chun é a dhéanamh ach oiread. Thóg an próiseas iomlán bliain ach ní hionann sin agus a rá go raibh bliain iomlán ag éinne chun a tairiscint a ullmhú. Is féidir an próiseas a roinnt agus é a thaispeáint. Bhí coicís nó trí seachtain aige chun an bid a chur le chéile.

Maidir le €2 mhilliún a bheith ar an mbord sular féidir le comhlucht tairiscint a dhéanamh-----