Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 8 July 2014

Joint Oireachtas Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht

Licensing and Harvesting of Seaweed in Ireland: Discussion

4:20 pm

Mr. Steve Ó Cualáin:

Déanfaidh mé achoimre ar aighneacht Údarás na Gaeltachta. Táimid buíoch don choiste as cuireadh a thabhairt dúinn plé a dhéanamh leo ar an gceist thábhachtach seo, feamainn a cheadúnú agus a bhaint in Éirinn. Ba mhaith liom achoimre a dhéanamh ar na príomhphointí atá inár n-aighneacht. Tá os cionn 30 bliain caite ag Údarás na Gaeltachta i mbun cláir fhorbartha agus cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht. Tá straitéis na heagraíochta dírithe ar phlean comhtháite a dhéanann freastal ar riachtanais fhorbartha teanga, eacnamaíochta, chultúrtha agus shóisialta phobal na Gaeltachta.

Tá dúshlán ar leith ag baint le cothú deiseanna forbartha agus fiontraíochta sna limistéir seo de bharr a nádúr scaipthe tíreolaíochta agus a n-infreastruchtúr easnamhach fisiciúil agus teileachumarsáide. Ag an am céanna, tá buntáistí agus buanna ag na ceantair seo a dhéanann tarraingteach iad mar láithreáin rathúla ghnó. Is féidir a rá go bhfuil feamainn i measc na hacmhainní saibhre cósta seo. Tá an fheamainn lárnach don eacnamaíocht áitiúil cois cósta sa Ghaeltacht le blianta fada. Is gineadóir fostaíochta tábhachtach í, ní hamháin do na comhlachtaí próiseála ach freisin do na bainteoirí agus dóibh siúd a chuireann seirbhísí ar nós seirbhísí iompar ar fáil.

Tá fás suntasach tagtha ar an margadh domhanda i dtionscail na feamainne. Tá thart ar 16 milliúin tonna bainte in aghaidh na bliana, le luach de €7.4 billiúin. Tá tionscal feamainne na hÉireann ag leanúint na dtreochtaí céanna idirnáisiúnta. Tá sé ag méadú. Tá timpeall 200 daoine fostaithe san earnáil in Éirinn, ag easpórtáil idir 85% agus 90% dá dtáirigí feamainne le láimhdeachas de €18 milliúin. Tá buíochas ag dul don dream a bhunaigh an tionscal agus a choinnigh beo í le 67 bliain anuas, ach anois tá gá le infheistíocht agus saineolas breise má tá an buntáiste le baint as an bunábhar luachmhar inathnuaite seo do na glúinte atá le teacht. Ní féidir fás agus forbairt a bhaint amach gan an acmhainn atá ann a aithint, aghaidh a thabhairt ar bhainistiú na hacmhainne seo agus breisluach a ghiniúint ó na táirgí a bheidh le forbairt.

Tá fás mór tagtha ar an suim atá á chur ag fiontraithe san fheamainn, ach le forbairt cheart a dhéanamh, tá gá le hinfheistíocht. Tá sé deacair infheistíocht a mhealladh gan córas ceart rialachán. Ní thiocfaidh rath ná fás ar an earnáil seo in éagmais infheistíochta. Ní tharlóidh infheistíocht ar an scála cuí gan rialacháin cuí ar an bunábhar. Is í an bagairt is mó ata ar earnáil na feamainne ná go mbeidh an iomarca bainte gan aon rialú. Creideann muid gur chóir nach gcuireadh córas rialacháin bac ar na mionbhainteoirí dóthain feamainne a bhaint le freastal fás glasraí, srl., dá n-úsáid féin.

There is a significant and expanding global market for seaweed. The Irish seaweed industry is following international trends and is expanding. The seaweed sector has been one of the key drivers of the coastal economy in the Gaeltacht over many years. It is important not only for those employed in the processing companies, but also for harvesters and those who provide facilities and logistical supports, including transport services, to the sector. While the development opportunities for the seaweed sector are substantial, growth and development can only be achieved by identifying the resources available, addressing the management of that resource and adding value by expanding the product range.

The level of interest in seaweed-based enterprise is increasing, with entrepreneurs keen to develop businesses using this resource. The development of the seaweed sector requires a regulated environment to attract the investment necessary and maintain and protect this rich natural resource. The greatest threat to the seaweed sector comes from unregulated over-harvesting. Údarás na Gaeltachta is of the view that commercial, competitive harvesting can only be managed through a regulated environment where full exploitation on an ecological, environmental and economically sustainable basis can be optimised. It is our view that there is a need for a comprehensive appraisal of the seaweed resource to determine its potential contribution to the coastal economy. It is on the basis of such research that the State can prepare detailed plans and take a proactive approach to developing this sector.

Tuigeann an t-údarás go gcaithfear bheith airdeallach ar an traidisiún agus muid anois ar an tairseach chun an tionscal a fhorbairt ar mhaithe le luach saothar níos fearr le ghnóthú as an bhfeamainn agus breis fostaíochta a chruthú sa Ghaeltacht dá bharr. Ba mhaith linn a dhearbhú don choiste go bhfuil suim ag an údarás forbairt a dhéanamh ar earnáil na feamainne ar mhaithe le forbairt na comhlachtaí atá ag feidhmiú faoi láthair, na bainteoirí feamainne, na geallsealbhóirí agus soláthraithe eile den tionscal ar mhaithe le forbairt na hearnála agus cruthú fostaíochta. Ba mhaith linn freisin a athdhearbhú nach bhfuil aon ról sonrach nó dlíthiúil ag an údarás sa phróiseas ceadúcháin atá faoi chaibidil, ach go gcreideann muid go bhfuil gá le córas rialacháin de shaghas éigin amach anseo má tá forbairt agus rath i ndán don tionscal.