Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 27 May 2014

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Breathnú ar Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014: Díospóireacht

2:10 pm

Mr. Kevin de Barra:

Luaigh an Seanadóir níos túisce an gearradh siar ar líon na bpost san earnáil dheonach Gaeilge, cosúil leis an rud atá ag tarlú i ngach Roinn agus leis na comhairlí contae agus sa chóras phoiblí timpeall na tíre. Bhí príomh fheidhmeannach Fhoras na Gaeilge istigh ag an gcoiste inniu agus ceann de na rudaí a luaigh sé ná an chaoi a tharla an cóiriú in earnáil dheonach na Gaeilge. Ní le haghaidh airgead a shábháil a bhí sé. Níl airgead dhá sábháil mar chuid den chóíriú seo, bíodh agus go bhfuil poist á gcailliúint.

D'ardaigh an Teachta Ó Cuív ceist mhaith níos túisce. Má tá níos lú post ann, ach an buiséad céanna don earnáil i gcoitinne, cá bhfuil an t-airgead eile ag dul? Is dóigh gur cheist í sin gur fiú don fhochoiste seo aird a dhíriú air. Luaigh an Seanadóir Keane córas lárnach aistriúchán agus measaim gur moladh stuama é sin. Bheadh sé an-chiallmhar gach úsáid a bhaint as cúrsaí teicneolaíochta chun aistriúcháin trasna an Státchóras a éascú oiread agus is féidir.

Luaigh sí fad na scéimeanna chomh maith agus mhol sí cúig bliana. Measaim go gcaithfimid breathnú ar na scéimeanna agus tá sin luaite agam agus ní rachaidh mé siar air. Má táimid ag caint ar chúig bliana, bheadh sé níos ciallmhaire agus níos éifeachtúla dá mba rud é go raibh spriocanna bliaintúil leagtha síos, laistigh den cúig bliana sin, ionas go dtuigfeadh muid cá mbeadh muid ag bliain a haon, bliain a trí, bliain a cúig agus mar sin de.

Luadh cás na neagraíochtaí freisin agus measaim go bhfuil sé ag teacht trasna ó gach Ball Oireachtais anseo gur gá dúinn breathnú ar chás na neagraíochtaí Gaeilge nár éirigh leo bunmhaoiniú a aimsiú tar éis mhí Mheithimh. Ba cheart breathnú ar na ceann eagraíochtaí chomh maith céanna. B'fhéidir gur fearr seisiún eile a bheith againn ar an ábhar sin amach anseo.