Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 27 May 2014

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Breathnú ar Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014: Díospóireacht

12:00 pm

Mr. Ferdie Mac an Fhailligh:

Ba mhaith liom labhairt maidir leis na ceann-eagraíochtaí agus cóiriú orthu. Tá seo ag dul ar aghaidh ó 2008. Bhí go leor cur agus cúiteamh agus anonn agus anall fá dtaobh de. An rud atá ráite againn ná go bhfuil an bunús athraithe ó 19 eagras, mar a bhí, go dtí sé cheann-eagraíochtaí, móide scéim raidió pobail, faoina mbeidh dhá scéim raidió maoinithe agus an tAisaonad. Beidh an buiséad céanna, liúde cibé cén ciorrú a bheid ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge, ar fáil do na naoi n-eagras sin agus a bhí ar fáil do na 19 eagras. Táimid ag caint ar bhuiséad de thart ar €5 milliún a bheidh ar fáil do na ceann-eagraíochtaí agus don scéim raidió agus don Aisionad.

Ó thaobh cúrsaí fostaíochta de, tá figiúirí luaite sa chás gnó againn agus táimid ag iarraidh go mbeidh go leor daoine sna heagraíochtaí seo. Deir daoine gur bhain seo le sábhailt airgid, ach níor bhain. Bhain seo le seirbhísí a sholáthar do phobal na Gaeilge agus ar bhealach níos fearr agus níos éifeachtaí. Bhí cruinniú den fhóram chomhpháirtíochta ann Déardaoin seo caite agus pléadh moladh ansin leis na ceann-eagraíochtaí. Tá soiléiriú le fáil againn ó na Ranna maidir le líon na ndaoine agus céatadán chaiteachais ar thuarastail, ar sheirbhísí agus ar chúrsaí reatha. Tá an soiléiriú sin lorgtha. Pléadh an moladh leis na ceann-eagraíochtaí maidin Déardaoin seo caite agus ag an mbord maidin Dé hAoine agus beidh muid i dteagmháil leis na ceann-eagraíochtaí mar gheall ar sin an tseachtain seo.