Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 27 May 2014
Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara
Breathnú ar Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014: Díospóireacht
10:20 am
Ms Máire Killoran:
Má bhreathnaítear siar ar na díospóireachtaí i dThithe an Oireachtais a bhain le próiseas achtaithe an Achta, ag dul siar go dtí an tréimhse 2003, bhí sé ráite ag an am gur próiseas céimnitheach a bhéadh i gcur i bhfeidhm an Achta, ach go háirithe mar a bhain sé le scéimeanna teanga. Ní fás thar oíche atá i gceist. Tuigfidh an Seanadóir go bhfuil comhoibriú de dhíth idir an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus comhluchtaí poiblí eile chun scéimeanna teanga a aontú leo. Tá rannóg ar leith sa Roinn ag plé le scéimeanna teanga a aontú le comhluchtaí poiblí a thagann faoin Acht.
Ní miste a nótáil go bhfuil formhór na gcomhluchtaí poiblí a bhfuil plé acu leis an bpobal clúdaithe faoi na scéimeanna teanga atá aontaithe go dáta, is é sin an 158 scéim atá i bhfeidhm faoi láthair. Tá formhór na gcomhluchtaí poiblí a bhfuil plé acu leis an bpobal clúdaithe faoi na scéimeanna teanga sin.