Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 5 March 2014

Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions

Tuarascáil an Choimisinéara Teanga 2012: Díospóireacht

4:15 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go raibh maith ag an Teachta Kitt. Maidir leis na gearáin, sin an fáth go bhfuil an Coimisinéir ansin, le cinntiú a dhéanamh go bhfuil na scéimeanna teanga atá daingnithe ag na Ranna Stáit agus ag comhluchtaí eile á gcomhlíonadh. Tá an Coimisinéir ansin fá choinne glacadh leis na gearáin, scrúdú a dhéanamh orthu agus moltaí a dhéanamh. Caithfidh mé a rá go bhfuil sé sin déanta go héifeachtach. Rinne an Coimisinéir gearán i mo cheantar féin maidir leis na gardaí. Mar thoradh ar an ghearán sin agus ar an scrúdú a rinneadh tá níos mó gardaí le Gaeilge i mo cheantar féin, agus sílim i gceantair Ghaeltachta eile ó shin. Is maith an rud go bhfuil gearáin á ndéanamh, go bhfuil Coimisinéir ansin chun áird agus scrúdú a dhéanamh orthu agus moltaí dá réir, agus go mbíonn toradh ar na gearáin chomh maith. Níl ansin ach sampla amháin.

B'fhéidir go míneodh an Teachta an chéad cheist a chuir sé, maidir le fiosrúcháin.