Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 30 April 2013
Committee on Agriculture, Food and the Marine: Joint Sub-Committee on Fisheries
Aquaculture and Tourism: Discussion (Resumed)
4:35 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ba mhaith liom cúpla ceist a chur ar an údarás. Cén infheistíocht a rinne an t-údarás san fheirmeoireacht éisc ó na 1980í ar aghaidh? An féidir é sin a bhriseadh síos idir bhradáin agus sliogéisc? Cé mhéad duine atá fostaithe sa dá thionscnamh i láthair na huaire? Cé mhéad duine atá ag plé le feirmeoireacht bradán i bhfeirmeacha a bhfuair cúnamh ón údarás? Cé mhéad duine atá fostaithe i bhfeirmeacha sliogéisc a bhfuair cúnamh ón údarás? Cé mhéad tonna atá á thairgeadh in aghaidh na bliana, go mórmhór as na feirmeacha bradán? An ndeachaigh Bord Iascagh Mhara i gcomhairle leis an údarás maidir leis an feirm éisc atá molta ar imeall na Gaeltachta amach ó Inis Oírr? Má chuaigh, an raibh an t-údarás ag plé le pobal an oileáin tríd an chomharchumann ar a dhéanann an t-údarás maoiniú? Tuigim gur eisigh an comharchumann ráiteas nach bhfuil sé i bhfábhar na feirme éisc. Ar ndóigh, tá an t-údarás ann ar son an phobail chun forbairt a dhéanamh i gcomhairle leis an bpobal. An bhfuil an tuairim sin curtha in iúl ag an údarás chuig Bord Iascagh Mhara? Má tá, an bhfuil aisfhreagra faighte ón mbord?