Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 30 April 2013

Committee on Agriculture, Food and the Marine: Joint Sub-Committee on Fisheries

Aquaculture and Tourism: Discussion (Resumed)

4:35 pm

Mr. Stiofán Ó Cúláin:

Gabh mo leithscéal. Níor tháinig siad os comhair an bhoird nua go fóill. D'iarr an Teachta freisin faoin dearcadh a bheadh againn. Táimid ag plé leis an tionscal seo ó na 1970í. Tá baint mhór againn le forbairt an tionscal seo. Táimid i bhfábhar tionscal na muirshaothraithe, ach é a bheith déanta ar bhealach nach ndéanfaidh aon truailliú. Tá an próiseas sin ag dul ar aghaidh. Ní raibh mise i dteagmháil leis an bpobal go díreach i dtaobh na ceiste seo. Níl an t-údarás mar fhorbróir sa chás seo. Má théann an togra ar aghaidh agus má chloíann sé leis na rialacha, beimid ar a shon. Tá infreastruchtúr láidir againn sa Ghaeltacht. Níl le déanamh ach breathnú ar Ros a' Mhíl, áit ina raibh 400 duine ag obair uair amháin, mar gheall go raibh iasc ar fáil nach bhfuil ar fáil anois. Tá infreastruchtúr i gCill Chiaráin freisin. Tá tionscal forbartha ag an údarás ar fud Gaeltacht Chonamara Theas. Tá siad ag lorg soláthar breise éisc thar mar atá ar fáil anois. Is í an tuairim ginearálta a bheadh againn ar an tionscal seo ná go mbeadh muintir Chonamara Theas ar a shon mar cruthaíonn sé fostaíocht mhaith.