Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 27 November 2012

Joint Oireachtas Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht

Plé le Cathaoirleach Ainmnithe Údarás na Gaeltachta

4:25 pm

Ms Anna Ní Ghallchóir:

Go raibh maith agat. Fáiltím roimh an deis seo léargas a thabhairt don choiste ar an bhfís atá agam d'Údarás na Gaeltachta sna blianta beaga amach romhainn.

I dtús báire, ba mhaith liom a rá gur mór an onóir agus an phribhléid í a bheith molta mar chathaoirleach ar bhord Údarás na Gaeltachta, mar oileánach, mar bhean Ghaeltachta, mar bhean teanga agus mar oideachasóir. Tuigim go maith an obair thábhachtach, cheannródaíoch atá déanta ag Údarás na Gaeltachta ó céadbhunaíodh é sa bhliain 1980, nuair a tháinig sé i gcomharbacht ar Ghaeltarra Éireann. Níl amhras ar bith ach gur imir Údarás na Gaeltachta ról lárnach i bhforbairt na Gaeltachta ar achan bhealach ó shin i leith agus tá curtha go láidir aige le saol eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha na Gaeltachta dá bharr. Tugann an t-údarás faoi réimse leathan gníomhaíochtaí fiontraíochta agus forbartha chun a fheidhmeanna i dtaca le cruthú agus caomhnú fostaíochta sa Ghaeltacht a bhaint amach. Tá na fiontair a fhaigheann tacaíocht ag feidhmiú in earnálacha ar nós eolaíochtaí beatha, mar shampla bithleigheas agus cógaisíocht, teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide, déantúsaíocht nideoige, mar shampla earraí innealtóireachta agus tomhaltais, closamharc agus na meáin dhigiteacha, turasóireacht, fiontair mhara agus fiontair theangabhunaithe.

Le cúpla sampla sonrach a lua, is fiú smaoineamh ar nithe ar nós an ról ceannasach a bhí ag an údarás i mbunú TG4, nó Teilifís na Gaeilge mar a bhí, ag tabhairt tacaíochta do chomhlachtaí teilifíse ar éirigh thar barr leo, cosúil le Telegael agus Nemeton, atá linn i dtólamh agus a bhfuil rath i gcónaí ar a gcuid oibre; an bonn láidir a chuir an t-údarás faoi thionscal an bhia, an smailcbhia ach go háirithe, le comhlachtaí cosúil le Largo Foods; an infheistíocht shubstaintiúil atá déanta thar na blianta i bhfiontair mhara; agus an fhorbairt atá tagtha ar thionscail thábhachtacha in earnáil an bhithleighis, cosúil le Bioniche/Mylan, a bhfuil infheistíocht an-mhór le déanamh ar a shuíomh in Indreabhán, Conamara.

Tá cúis mhaith mhórtais ag an údarás as an méid atá bainte amach aige in aimsir an rachmais agus in aimsir na lag trá eacnamaíochta araon. Is é an t-aistriúchán Sínise atá ar "ghéarchéim" ná "deis chontúirteach" agus b'fhéidir gur bealach maith é le hamharc ar staid na tíre agus go háirithe ar staid na Gaeltachta faoi láthair. Tá contúirtí móra ann ach tá deiseanna iontacha ann fosta, má tá muid sásta iad a thapú. Tá deis ann machnamh a dhéanamh ar na rudaí is tábhachtaí dúinn mar náisiún agus mar phobal agus a chinntiú go dtiocfaidh an chuid is fearr dínn féin slán as an gclabán seo.

Tá dhá bhunaidhm ag Údarás na Gaeltachta: buanú agus forbairt teanga, agus forbairt fiontraíochta. Is cinnte gur dúshlán ann féin atá ann an dá thrá sin a fhreastal.

Caidé a bheadh sa Ghaeltacht gan an Ghaeilge? Tá sé luaite sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht a chuir foireann as Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus Ollscoil na hÉireann Má Nuad ar fáil dúinn go bhfuil saolré idir 15 agus 20 bliain fágtha ag an Ghaeilge sa Ghaeltacht má leanann rudaí mar atá. Cuireadh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, atá bunaithe ar an tsaineolas sochtheangeolaíochta is fearr ar domhan, ar fáil dúinn le cuidiú linn cosc a chur leis an mheath agus an teanga a chur ar bhealach a leasa. Rinneadh daingniú ar chuid de phríomh-mholtaí na straitéise nuair a tháinig Acht na Gaeltachta 2012 i bhfeidhm níos luaithe i mbliana. Tugann an tAcht seo feidhm lárnach d'Údarás na Gaeltachta, go háirithe i dtaca le próiseas pleanála teanga a chur chun cinn i gcomhar leis na pobail Ghaeltachta. Beidh ról lárnach ag an Údarás ag cuidiú le heagraíochtaí pobalbhunaithe na Gaeltachta pleananna teanga cuimsitheacha a ullmhú agus a fheidhmiú dá gceantair agus is iad na pleananna seo a bheidh mar dhúshraith chun an Ghaeilge a chaomhnú agus borradh nua a chur fúithi chun go dtabharfar ar aghaidh don chéad ghlúin eile í. Treiseoidh an cur chuige nua seo maidir leis an phleanáil teanga an obair luachmhar atá ar siúl ag an údarás i ndáil le forbairt na naíonraí, cúrsaí óige agus an fhorbairt phobail.

Creidimse fosta go bhfuil sé tábhachtach go mbeidh comhoibriú den scoth idir an t-údarás agus Foras na Gaeilge leis an obair thábhachtach seo a dhéanamh ar bhonn chomhtháite agus an luach is fearr a fháil as na hacmhainní atá againn cheana féin.

Mar oideachasóir atá ag plé leis na teangacha le fada, tuigim go maith na deacrachtaí a bhaineann le buanú agus forbairt na mionteanga. Ach is féidir liom a rá, gan lá amhrais orm, go bhfuil an saineolas sa tír seo againn le tacaíocht den scoth a chur ar fáil do na pobail Ghaeltachta sin atá ag iarraidh an Ghaeilge a bhuanú agus a fhorbairt ina gceantair féin. Chuige sin, bunófar ár gcur chuige ar thrí chrann taca: proifísiúnú, oiliúint agus tacaíocht, agus beidh an taighde atá déanta i réimse na sochtheangeolaíochta agus na teangeolaíochta feidhmí mar bhunchloch ag an gcur chuige seo.

Ní bheadh Gaeltacht ar bith ann, ar ndóigh, gan a pobal agus is cinnte go dtéann buanú agus forbairt teanga lámh ar láimh le forbairt eacnamaíochta agus forbairt pobail. Is ábhar dóchais é mar sin go bhfuil bunfhostaíocht de 7,000 post sa Ghaeltacht a fuair tacaíocht ón údarás. Ar an lámh eile de, tá buiséad caipitil na heagraíochta gearrtha siar go dtí €6 mhilliún sa bhliain. Ciallaíonn sé seo go gcaithfidh Údarás na Gaeltachta bealaí eile a aimsiú le bheith éifeachtach agus éifeachtúil agus é ag díriú ar a bhunaidhmeanna. Mar sin de, tá sé riachtanach a chinntiú go mbeidh níos mó comhoibrithe i gceist leis an Údarás Forbartha Tionscail, le Fiontraíocht Éireann agus le Fáilte Éireann le fostaíocht a chruthú sna hearnálacha éagsúla. Beidh sé tábhachtach fosta scrúdú a dhéanamh ar na bealaí éagsúla ar féidir foinsí nua maoinithe a aimsiú chomh maith, mar shampla tríd an úsáid is éifeachtaí a bhaint as cistí an Aontais Eorpaigh.

Faoi láthair, ar fud na hEorpa, tá cuid mhór béime á leagan ar chuideachtaí beaga agus meánmhéide, mar gur mó seans go mbeidh siad inmharthana, i measc cúiseanna eile. Is sa mhúnla seo atá agus a bheas na cuideachtaí teanga-bhunaithe agus teanga-lárnaithe. Is í an Ghaeilge an acmhainn is luachmhaire atá againn sa Ghaeltacht agus chítear dom gur féidir linn i bhfad níos mó a dhéanamh chun tairbhe iomlán a bhaint as na féidearthachtaí uilig a bhaineann léi: an turasóireacht chultúrtha, na healaíona, earnáil na faisnéise, teagmháil leis an diaspóra, gan ach ceithre shampla a lua. Léiríonn suirbhéanna ar an turasóireacht go hÉirinn go meallann éagsúlacht, chultúrtha agus éagsúlacht theanga an turasóir. I mo thuairimse, is féidir níos mó a dhéanamh leis an tsainchultúr a chur ar a súile do na turasóirí.

Mar oileánach mná, is cúis áthais dom gur dualgas tábhachtach de chuid an údaráis é tacú leis na hoileáin agus leis na comharchumainn a bhfuil ról ríthábhachtach acu ó thaobh na forbartha eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha de.

Tá fís iontach dearfach agamsa don Ghaeltacht sa todhchaí. Le tacaíocht chuí ón Stát. tríd an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, an Roinn Oideachais agus Scileanna agus Údarás na Gaeltachta, ach go háirithe, creidim go bhfuil na pobail Ghaeltachta ag iarraidh go gcaomhnófar an Ghaeltacht mar fhoinse ár dteanga dhúchais don chéad ghlúin eile. Is mór an dúshlán atá roimh Údarás na Gaeltachta chun an sprioc seo a bhaint amach ach tá mé sásta go bhfuil na scileanna go léir a bheas de dhíobháil orainn le dul i ngleic leis ar an mbord úr: scileanna fíontraíochta, forbairt pobail, oideachas, pleanáil teanga agus cúrsaí rialachais.

Tá mé buíoch de na comhaltaí gur ghlac siad leis an chuireadh ón Aire Stáit agus leis an bhfreagracht úr a théann leis an gcuireadh sin. Ó mo thaobh féin de, thig leo a bheith cinnte go bhfaighidh siad éisteacht agus ceannasaíocht thuisceanach. Tá mé ag súil go mór fosta a bheith ag obair leis an bpríomhfheidhmeannach agus leis an bhfoireann, daoine a mbíonn teagmhálacha proifisiúnta agam leo le blianta beaga anuas agus ar mór mo mheas orthu. Ba mhaith liom mo bhuíochas pearsanta a ghabháil leis an Aire Stáit as an mhuinín a léirigh sé ionam; le Liam Ó Cuinneagáin, laoch de chuid na Gaeltachta, agus lena chomhghleacaithe ar an mbord dheireanach as an údarás a stiúradh fríd an stoirm mhór atá buailte linn le cúpla bliain anuas. Ar deireadh, mo bhuíochas leis an Chathaoirleach agus le comhaltaí an chomhchoiste as éisteacht a thabhairt dom anseo inniu.