Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 7 November 2012
Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions
Tuarascáil an Choimisinéara Teanga maidir le Comórtais Inmheánacha sa Roinn Coimirce Sóisialaí: Mionphlé
5:15 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Caithfimid bogadh ar aghaidh. Níl mé ag iarraidh srian a chur air seo ach tá trí ghrúpa eile le teacht agus beidh na ceisteanna céanna dírithe orthu siúd. B’fhéidir go mbeidís in ann freagra níos fearr a thabhairt, nó b’fhéidir nach mbeidís; feicfimid.
An dara grúpa atá le teacht os ár gcomhair ná thar ceann an Choimisiúin um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí, Mr. Andrew Patterson.