Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 November 2012

Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions

Tuarascáil an Choimisinéara Teanga maidir le Comórtais Inmheánacha sa Roinn Coimirce Sóisialaí: Mionphlé

4:55 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na finnéithe uilig. Táim thar a bheith buíoch díofa as a bheith anseo agus deis a thabhairt an t-ábhar fíor-thábhachtach seo a phlé. Ó thaobh comhthéacs a thabhairt don cheist ar fad, agus tá seo tábhachtach ach níor clúdaíodh é sin i ndáiríre, tháinig an t-athrú polasaí seo i bhfeidhm 35 de bhliana ó shin nuair a bhí an tAire Richie Ryan ann. D'athraigh sé an Ghaeilge éigeantach sa Státseirbhís mar chóras. Ag an am dúirt sé go raibh sé ag cur na bpríomhathruithe i bhfeidhm le go mbeadh an Ghaeilge agus an Béarla ar chomhchéim feasta i gcomórtais iontrála na Státseirbhíse, go mbeadh ar chumas iarrthóirí an Ghaeilge, nó an Béarla, nó an dá theanga sin a thairiscint i gcomórtais agus go dtabharfaí creidiúint d'iarrthóirí a bheadh oilte sa dá theanga. Dúirt sé freisin go mbeadh an Rialtas lán-mhuiníneach go musclódh na hathruithe seo a chuirfeadh an spreagadh in áit éigeantais, dea-mhéin bhreise don Ghaeilge agus go gcuideoidís le leathnú na teanga laistigh agus lasmuigh den Státseirbhís trí atmaisféar níos fabhraí a chothú di.

Dúirt sé freisin go raibh siad curtha i bhfeidhm le meas agus cothú na teanga a chur in áit an éigeantais. Dúirt sé nuair a bheidís curtha i bhfeidhm, go mbeadh an Ghaeilge agus an Béarla ar aon dul anois agus tig le duine den chéad uair post sa Státseirbhís a bhaint amach gan Bhéarla. Cheap sé go gcuirfeadh sé feabhas ar staid na Gaeilge sa Státseirbhís agus lasmuigh di. B’fhéidir an rud is tábhachtaí agus is suntasaí a dúirt sé ag an am ná faoin gcóras nua beidh marcanna breise le fáil ag iarrthóirí ar phoist sa Státseirbhís le Gaeilge agus le Béarla. Bhí súil aige go mbeadh cumas na Gaeilge ag formhór na ndaoine a cheapfaí amach ansin. Chabhródh Gaeleagras na Státseirbhíse le hoifigigh chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Chuirfí eolas ar an Ghaeilge san áireamh freisin le haghaidh ardú-céime. Ní bheadh aon easpa Gaeilge mar sin sa Státseirbhís agus bheadh fonn níos láidre chun feidhm a bhaint aisti toisc deireadh an éigeantais. Bhí sé cinnte go mbeadh feabhas mór ar an scéal de bharr a raibh déanta ag an Rialtas. Sin a dúirt Richie Ryan ag an am in 1974 nuair a chuir sé deireadh leis an Ghaeilge éigeantach.

Faraor, an taithí atá ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta go háirithe nár tháinig feabhas, nár tháinig ardú ar líon na ndaoine le Gaeilge sa Státseirbhís; cuirfidh mé ceist faoi sin níos deireanaí.

Ba mhaith cur i gcomhthéacs freisin ról agus cumhachtaí an Choimisinéara Teanga féin. Tá an Coimisinéir ceaptha ag Uachtarán na hÉireann ar chomhairle an Rialtas tar éis do Thithe an Oireachtais rún a rith ag moladh an cheapacháin. Tá feidhmeanna agus cumhachtaí an Choimisinéara Teanga leagtha amach in Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá neamhspleáchas iomlán aige ina ról mar Choimisinéir Teanga. Téann sin go croí an scéil. Tá daoine áirithe agus comhghleacaithe liom féin a bhíonn ag tabhairt amach dom faoi cheist na Gaeilge agus cén fáth go mbím i gcónaí ag bualadh an druma maidir le ceist na Gaeilge ach tá buncheist anseo a chaithfimid a phlé inniu a bhaineann leis an aitheantas atá ag an nGaeilge ó thaobh na Státseirbhíse de.

Tá an Coimisinéir Teanga ag feidhmiú mar Ombudsman agus glacaimid leis go bhfuil an Ombudsman neamhspleách agus gur réiteoir é i gcásanna a cheapann daoine go bhfuil faillí déanta ó thaobh seirbhísí Stáit. Tá sé neamhspleách ar an Rialtas chomh maith. Táim ag glacadh leis go bhfuil údarás neamhspleách ag an gCoimisinéir Teanga ach an chead cheist atá agam ar an Dochtúir Quinn agus a cuid comhghleacaithe ón Roinn Coimirce Sóisialaí ná an nglacann siad leis go bhfuil údarás neamhspleách ag an gCoimisinéir Teanga agus go bhfuil an focal deireadh aige i gcás imscrúdú ar nós mar atá ag na hOmbudsmana eile. Má dhéanann sé imscrúdú, tá an focal deireanach aige. Mura nglacann siad leis sin, cé a thugann an t-údarás sin dóibh gan ghlacadh? Cén áit sa reachtaíocht a bhfuil sé ráite nach bhfuil an t-údarás sin aige? De reír an léimh atá agam ar an gCoimisinéir in Acht na dTeangacha Oifigiúla, tá an chumhacht sin aige. An nglactar leis, mura bhfuil eagras nó Roinn Stáit sásta leis an mbreith a dhéanann an Coimisinéir Teanga, mar a bhí sa chás seo, gurb é an córas achomhairc atá ag an Roinn ná cás Ard-Chúirte a thógáil?

Tuigim go bhfuil go leor fianaise os ár gcomhair agus go bhfuil go leor rudaí comónta san fhianaise éagsúil a tugadh. Glacaim leis gur cuireadh an fhianaise sin beagnach ar fad os comhair an Choimisinéara Teanga agus d’iarr muid air nuair a bhí sé anseo an raibh sin déanta. Tuigim go raibh an chuid is mó den fhianaise, an méid atá á rá sna haighneachtaí éagsúla, os a chomhair agus go ndearna sé breith ar an bhfianaise sin. De réir na reachtaíochta, tá an focal deireanach aige sa bhreith a dhéanann sé, ach mura nglacann Roinn Stáit leis, an rogha atá aici ná cás Ard-Chúirte a ghlacadh leis sin a throid. Ar cuireadh sin in iúl don Roinn? Ar chuir an Coimisinéir Teanga in iúl go raibh an rogha sin ag an Roinn agus go bhféadfadh sí dúshlán a thabhairt tríd an Ard-Chúirt agus ar phlé an Roinn an rogha sin í féin nó leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe nó le haon Roinn eile?

Mura thóg an Roinn rogha cás Ard-Chúirte a ghlacadh, an nglacann an Roinn leis go seasann breith an Choimisinéara Teanga go bhfuil sin críochnúil anois gurb é sin an breith dheireanach sa chás seo?

Ceist bhunúsach eile, más féidir freagra réasúnta díreach a fháil uirthi. An gceapann an Roinn go ndearna an Coimisinéir Teanga botún sa chás seo? Má cheapann, cén fianaise ar a bhfuil sin bunaithe?

Rialaigh an Coimisinéir ó thaobh na ndaoine a rinne an gearán an chéad lá riamh. Uaireanta déantar dearmad ar na daoine a thóg an cás an chéad lá riamh go dtí an Coimisinéir. Glacaim leis go bhfuil sé roinnt mhaith de bhlianta ar an bhfód. Rialaigh an Coimisinéir go bhfaigheadh na daoine sin a rinne gearán a gcearta. An bhfuil aon cheo déanta ag an Roinn idir an dá linn ó rinne an Coimisinéir Teanga a bhreith lena gcearta a shlánú do na daoine sin a bhí i gceist? An bhfuil sé i gceist ag an Roinn sin a dhéanamh? Mura dtabharfadh an Roinn a gcearta dóibh, an bhfuil contúirt ann go dtabharfaí a ndúshlán sna cúirteanna mar thoradh air sin? Mura bhfaigheann na daoine a thóg an cás an chéad lá riamh cothrom na Féinne, de réir mar a rialaigh an Coimisinéir, an bhfuil sé oscailte dóibh cás cúirte a thógáil in aghaidh na Roinne agus an Stáit? An bhfuil teagmháil déanta ag na daoine seo leis an Roinn? Ar chuala an Roinn uathu ar aon bhealach? An bhféadfadh daoine eile a bheith sa chás chéanna ós rud é go bhfuil an Roinn ag rá – agus cuireann seo scanradh orm – go bhfuil sí sásta go mbronnann sí marcanna bónais ar an tslí chéanna le gach Roinn Rialtais eile agus de réir chód chleachtais an Choimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí?

Má tá an Coimisinéir Teanga ceart, tá an cleachtas seo i bhfeidhm le 37 bliain agus tá an cleachtas sin mícheart. An gciallaíonn sin go bhfuil an doras oscailte do dhaoine eile a bheadh míshásta leis an mbealach a caitheadh leo? D’fhéadfadh daoine eile a bheith sa chás chéanna ós rud é go bhfuil an cleachtadh seo i bhfeidhm le 37 bliain agus de réir an Choimisinéara, tá an córas lochtach.

Tá go leor ceisteanna sin atá domhain go maith ach téann seo ar ais chuig an mbunphrionsabal, go bhfuil an Coimisinéir Teanga ceaptha le bheith neamhspleách agus go bhfuil údarás neamhspleách aige, amhail is atá an gnáth-Ombudsman, Ombudsman na leanaí srl. Má tá na Ranna agus na heagrais Stáit ag rá go bhfuil siad ag glacadh le treoir uathu féin nó ó áit éigin eile cosúil leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, tá sin ag baint de chumhacht agus d’údarás an Choimisinéara Teanga agus tá impleachtaí aige sin do na hOmbudsman eile chomh maith céanna.