Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 November 2012

Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions

Tuarascáil an Choimisinéara Teanga maidir le Comórtais Inmheánacha sa Roinn Coimirce Sóisialaí: Mionphlé

4:55 pm

Dr. Orlaigh Quinn:

Gabhaim buíochas don choiste as ucht cuireadh a thabhairt don Roinn Coimirce Sóisialaí aitheasc a thabhairt don choiste. Cuireann an Roinn réimse leathan seirbhísí ioncaim agus fostaíochta agus seirbhísí eile ar fáil trí líonra 130 oifig atá aici féin agus trí 900 láthair eile ar fud an Stáit. Cuireann na scéimeanna agus seirbhísí sin sochair ar fáil do níos mó ná 2 milliún duine. Tá an Roinn lán-dáiríre faoi sheirbhís Ghaeilge a chur ar fáil dá gcustaiméirí agus faoi bhreis forbartha agus oiliúna a chur ar an bhfoireann chun feabhas a chur ar an tseirbhís Ghaeilge sin. Tá tacaíochtaí éagsúla ar fáil chun na scileanna agus an féinmhuinín riachtanach a thabhairt don fhoireann gur féidir léi seirbhís Ghaeilge ar ard-chaighdeán a chur ar fáil dá gcustaiméirí ar an bhfón, i litreacha agus duine le duine. Tá 7,000 nach mór ag obair sa Roinn agus bhí páirt mhór riamh ag an Roinn i gcomórtais ardú céime a reáchtáil ar gach grád. Le blianta beaga anuas, agus go háirithe ó thaobh na líon foirne a bhí i gceist, ba mhór an chabhair a fuair an Roinn ón gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí. I gcás gach comórtas, chloígh an Roinn i gcónaí do na himlitreacha aonaithe ar fad a eisíodh do Ranna Rialtais ar fud na Státseirbhíse.

I dtaca leis an gceist shonrach faoi mharcanna bónais a bhronnadh i gcomórtais inmheánacha, ba é nós na Roinne riamh marcanna bónais a bhronnadh de réir imlitir 43/75 na Roinne Airgeadais, arna leasú ag imlitir 30/90, orthu siúd a ghnóthaigh áit ar phainéil ó agallamh deireadh an chomórtais. Tá an Roinn sásta go mbronnann sí marcanna bónais ar an tslí chéanna le gach Roinn Rialtais eile agus de réir chód cleachtais an Choimisiúin um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí. Anuas air sin, rinne an Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí iniúchadh roimhe seo ar phróiseas iomaíocha na Roinne lena n-áirítear ceann de na comórtais is ábhar de thuarascáil an Choimisinéara. Áiríodh ar an iniúchadh an próiseas roghnúcháin agus measúnaithe, lena n-áirítear creidiúint a bhronnadh as inniúlacht teanga. Fuarthas go raibh gach rud mar ba chóir.

Scrúdaigh an Roinn an tuarascáil a eisíodh tar éis imscrúdaithe an Choimisinéara Teanga agus de réir mholadh uimh. 5, cuireadh an cheist ar aghaidh go dtí an Roinn Airgeadais, atá anois ina Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Beidh an Roinn ag tabhairt aithisc don choiste inniu chomh maith. Mhol an Roinn an uair sin don Choimisinéir teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe os í an Roinn atá freagrach as téarmaí agus coinníollacha seirbhíse a shocrú do státseirbhísigh. Chuir an Roinn an staid sin in iúl don Choimisinéir ar ócáidí éagsúla. Níl ar chumas na Roinne na moltaí a chur i ngníomh toisc go gciallódh sin leasú aontaobhach a dhéanamh ar bheartas lár-aontaithe. Bheadh tionchar forleathan aige sin i Ranna seachas sa Roinn Coimirce Sóisialaí.

Tacaíonn an Roinn go hiomlán le marcanna bónais a bheith á mbronnadh as iniúlacht sa Ghaeilge ag agallamh. Tá sí sásta go gcomhlíonann sí go hiomlán cód cleachtais an Choimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí, gnás agus cleachtas sa Státseirbhís agus imlitreacha na Roinne Airgeadais. Sna cúig bliana dheireanacha, eagraíodh 19 de chomórtais inmheánacha ardú chéime sa Roinn. Ghlac 4,500 baill foirne páirt sna comórtais sin agus bhí deis acu ar fad triall inniúlachta sa Ghaeilge a dhéanamh. Tacaíonn an Roinn go díograiseach le hinniúlacht sa Ghaeilge a chur chun cinn sa Roinn agus leis an bpróiseas chun marcanna bónais a bhronnadh i gcomórtais ardú chéime.