Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 7 November 2012
Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions
Tuarascáil an Choimisinéara Teanga maidir le Comórtais Inmheánacha sa Roinn Coimirce Sóisialaí: Mionphlé
4:55 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá gach duine anseo so cuirfimid tús arís leis an gcruinniú. Ar dtús, ba mhaith liom fáilte a chur roimh na finnéithe atá os ár gcomhair inniu. Tá ceithre eagras anseo linn - an Roinn Coimirce Sóisialaí, an Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí, an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Na finnéithe atá againn ón Roinn Coimirce Sóisialaí ná Dr. Orlaigh Quinn, Ms Celine Moore agus Mr. Brian Ó Raghallaigh. Ón gCoimisiúm um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí, tá Mr. Andrew Patterson, agus ón tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, tá Mr. Pádraig Love. Ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, tá Ms Patricia Coleman agus Ms Gráinne McGuckin agus Mr. Jake Byrne.
Táimse tar éis leagan amach cén fáth go bhfuilimid anseo chun déileáil leis seo. Iarraim ar an gcéad ghrúpa ón Roinn Coimirce Sóisialaí tús a chur lena chur i láthair.