Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 7 November 2012
Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions
Decisions on Public Petitions Received: P00036/12 and P00043/12
4:30 pm
Trevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ba mhaith liom nótáil gur ábhar tábhachtach é seo. Ceist í a bhaineann le go leor de na bailte atá againn agus is rud é a chuireann as do go leor daoine.
Ó thaobh an aidhm agus an ról atá ag an gcoiste, ní dóigh liom go mbaineann sé linn per semar an aidhm atá againn ná iarraidh ar dhaoine gach bealach eile atá acu leis an scéal a leigheas a úsáid sular dtiocfaidh siad chomh fada linn. Sílim go bhfuil an moladh ciallmhar go dtiocfaidh siad chuig an comhchoiste póilíneachta i gcathair na Gaillimhe. Bím ag na cruinnithe sin. Bíonn siad ag déaláil le ceisteanna den chineál seo. I láthair ag an bhfórann sin bíonn an Garda, an bainisteoir cathrach agus na hionadaí tofa agus ionadaí pobail. Sin an bealach is fearr, agus déanaim moladh scríobh chuig an té chun é seo a mhíniú dó. Aontaíonn muid go bhfuil cás ann, ach ní hé seo an fóram is cui le seo a réiteach.