Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 10 October 2012

Joint Oireachtas Committee on Education and Social Protection

Managing Back to School Costs: Discussion

10:25 am

Mr. Caoimhín Ó hEaghra:

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an gcoiste as ucht an chuiridh a thabhairt dúinn páirt a ghlacadh anseo. Déanfaidh mé iarracht fanacht taobh istigh de chúig nóiméad. Tá go leor den méid atá le rá agam ráite cheana ag láithreoirí eile, ach ba mhaith liom cur le sin.

Aithníonn ár scoileanna an brú atá ar thuismitheoirí agus tá a lán iarrachtaí déanta acu freastal ar thuismitheoirí chun an costas agus na táillí atá le n-íoc acu a laghdú. Le sin, an cheist is minicí a thagann ó thuismitheoirí ná cén fáth nach bhfuil go leor ins an deontas caipitíochta chun gach costas a chlúdach. Sin an pointe céanna atá ag teacht aníos arís agus arís eile. Ní thuigeann na tuismitheoirí é seo agus tá brú ollmhór orthu. Sin ráite, tar éis dul i dteagmháil leis na scoileanna, tháinig tuairimí ar ais ar dhá ábhar. Ar dtús, conas laghdú a dhéanamh ar na costais agus ansin, an cineál bainistiú a dhéantar air.

Maidir le bainistiú ar an airgead, moladh gan aon airgead a lorg ó thuismitheoirí i mí Mheán Fómhair. Dar leis na scoileanna, an príomh rud ó thaobh na dtuismitheoirí de ghnáth ná go mbeadh éadaí scoile cearta ag na leanaí agus iad ag filleadh. Bíonn tuismitheoirí ag buiséadú le haghaidh an t-airgead atá le caitheamh. Muna bhfuil le ceannach acu ná le híoc amach i Meán Fómhair agus roimhe sin ach éide scoile agus na billí leabhar, tá sé níos éasca bainistiú. Mar sin, cuirtear amach bille na bliana ag deireadh Mheáin Fómhair nó i dtreo tús Dheiridh Fómhair.

Chomh maith le sin, ó thaobh buiséadú de, ba cheart go ndéanfadh na scoileanna iarracht costas iomlán na bliana a chur amach chuig tuismitheoirí ag tús na bliana, ionas go bhfeicfidís cén costas atá le n-íoc acu ar feadh na bliana agus gur féidir bainistiú a dhéanamh air. Tá seo níos éasca ag an mhúinteoir ranga agus an scoil a dhéanamh anois faoi chóras bainistíochta ar nós Chipmunk nó Aladdin. Is féidir le páistí airgead a thabhairt isteach go seachtainiúil, mar a dúradh, is féidir é a chlárú ar an gcóras ríomhaire, agus tá sé níos éasca a bhainistiú. Laghdaíonn seo an t-ualach.

Maidir le néadaí scoile, níor tháinig an argóint tríd fáil réidh le héadaí scoile. Chonaic tuistí an luach a bhí le h-eádaí scoile agus culaith scoile a choinneáil mar laghdaíonn siad an comórtas idir páistí i dtaobh lipéid agus brandáil agus gach rud mar sin. Ceann de na rudaí is daoire a tugadh faoi deara ná costas an gheansaí scoile nó an chóta scoile le suaitheantas na scoile air. Dá mbeadh próiseas éigin ann chun gur féidir suaitheantas níos saoire, nó suaitheantas gur féidir a aistriú, a fháil, cabhródh sin. Mar shampla, tá duine in ann geansaí scoile a fháil ó €12 suas go dtí €40. Nuair atá suas le ceathrar páistí i gclann, tá sin an-chostasach.

Maidir le scéim iasachta leabhair, tá scéim ag formhór na scoileanna agus moltar go hard é. Laghdaíonn sé costais go mór, mar atá ráite, agus ní rachfaidh mé isteach ar sin. Ceann de na leabhair is costasaí ná an leabhar oibre. Tá a lán dár scoileanna ag féachaint anois ar laghdú ar úsáid na leabhair oibre, mar tá ceisteanna ann maidir lena bhfiúntas. Freisin, nuair a ceannaítear iad, íocann an tuismitheoir méid áirithe airgid ar leabhair oibre agus tá saghas brú ar an mhúinteoir an leabhar sin a bheith líonta i rith na bliana. Tá ceisteanna á chur faoin bhfiúntas oideachasúil atá leo. Tá laghdú ina dtreo sin.

Maidir leis an deontas caipitíochta, aontaím le gach rud atá ráite maidir leis an laghdú ar an deontas seo. Sin ráite, bhí moladh ann ó thaobh bhainistithe agus íocaíochta an deontais. Tagann an brú ar na scoileanna i Mí Mheán Fómhair. Níl aon airgead acu ansin agus tá siad ag lorg an airgid ó na tuismitheoirí. Dá n-íocfaí an deontas caipitíochta ag deireadh Mhí Lúnasa nó ag tús Mheáin Fhómhair nuair atá airgead ag teastáil ó na scoileanna, b'fhéidir go laghdódh sin an brú atá orthu láithreach airgead a lorg ó thuismitheoirí, mar bheadh an sreabhadh airgid sin acu chun feidhmiú. Bíonn airgead caite i rith an tsamhraidh ag íoc as deisiúcháin agus rudaí mar sin. Ceann de na moltaí a bhí ann ná go n-íocfaí é ag deireadh Mhí Lúnasa agus deireadh Mhí Feabhra.

Taobh amuigh de sin, tá na pointí eile déanta ag daoine eile.