Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 4 November 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Soláthar an Oideachais Lán-Ghaeilge: Plé
2:00 am
Ms Clodagh Ní Mhaoilchiaráin:
Is dóigh go bhfuil dhá réimse ann. Tá mé féin, mar phríomhoide Gaelscoile, tar éis buntáiste ollmhór a bhaint as an gcúrsa B. Oid. atá ag tarlú le cúpla bliain anuas in Marino. Tá cohórt le Gaeilge agus saintuiscint acu ar an gcóras. Tá sé dochreidte. Molaim go mór an obair atá ar siúl ansin. Bheinn drogallach a rá go bhfuil an cumas céanna ann go forleathan. Bheinn buartha mar gheall ar chaighdeán na Gaeilge atá ag teacht amach. Níl cumarsáid agam leo siúd a bhíonn i scoileanna Béarla. Ón méid a fheictear dom, áfach, tá an bhearna sin tar éis dul i méid go mór.
Feictear dom go gcuirtear daoine a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge chuig an nGaelscoil. Faoi mar a leanann siad ar aghaidh, freastalaíonn siad ar chúrsaí samhraidh sa Ghaeltacht. Tá deiseanna á bhfáil acu a cuid Gaeilge a shaibhriú agus a leathnú. Ansin déanann siad a rogha freastal ar a leithéid de B. Oid. Má tá siad ag déanamh an B. Oid., déanann siad sainiarracht Gaelscoileanna a lorg chun a gcuid socrúchán scoile a dhéanamh. An bhfuil na deiseanna céanna á gcur ar fáil dóibh siúd nach bhfuil an caighdeán Gaeilge sin acu? An bhfuil iachall á chur orthu? Tuigim gur gá dóibh freastal ar chúrsa Gaeltachta agus gur gá dóibh íoc as sin iad féin anois, rud atá an-dian ar fad orthu mar mhic léinn tríú leibhéal. Sin an t-aon eispéireas agus tumadh sa teanga atá acu.
Táimid tar éis a bheith ag labhairt mar gheall ar leibhéal na múinteoireachta ag leibhéal na meánscoile agus na bunscoile. Is fáinne fí atá ann. Tá na daoine seo ag teacht amach. Tá an bhearna ag leathnú. Tá an dream leis an nGaeilge mhaith ag dul i dtreo na scoileanna lán-Ghaeilge; agus ansin fágtar bearna atá ag fás toisc go bhfuil líon na nGaelscoileanna méadaithe le roinnt blianta anuas. Tá an bhearna sin ag fás agus na daoine eile ag dul i dtreo na scoileanna Béarla. Táimid ag cothú comhthéacs agus táimid ag cur leis an suíomh.
No comments