Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 4 November 2025

Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

Soláthar an Oideachais Lán-Ghaeilge: Plé

2:00 am

Photo of Naoise Ó CearúilNaoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)

Tá cúpla ceist agam ar deireadh. Is léir ón méid cruinnithe a bhí againn ó mhí Mheán Fómhair go dtí seo gurb é an téama atá cloiste agus feicthe agamsa ná an tábhacht a bhaineann le béim a chur ar éileamh seachas cearta teanga. Tá sé sin cloiste againn inniu go háirithe ó thaobh an Ghaelscolaíocht. Bhuail mé féin agus roinnt de mo chomhghleacaí leis an ngrúpa Measc chomh maith, agus is léir go bhfuil reachtaíocht éigin ag teastáil ó thaobh oideachas trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil agus go mbeadh sé ar fáil fud fad na tíre, go háirithe ó thaobh an iarbhunscoil sna Gaelcholáistí. Ba cheart go mbeadh ceann ar fáil i ngach contae agus nach mbeadh daltaí ag taisteal dhá uair a chloig nó uair a chloig nó pé rud le haghaidh Gaelcholáiste. An dara rud atá cloiste agam inniu ná easpa próiseas ó thaobh athrú scoileanna ó Bhéarla go Gaeilge, aonad a bhunú agus Gaelcholáiste a bhunú.

Chuaigh mise go dtí sruth lán-Ghaeilge i Maigh Nuad. Ní raibh sé ar fáil go dtí an tríú bliain. Rinne mé an teastas sóisearach trí mheán na Gaeilge agus bhí orm athrú ansin go dtí Béarla don ardteist. Bhí sé sin deacair. Lean mé ar aghaidh go dtí an ollscoil agus pé rud i ndiaidh sin. Bhí suirbhé i Maigh Nuad thart ar ocht mbliana ó shin chun iarbhunscoil nua a bhunú. Bhain an cheist a cuireadh faoi sin leis an ETB, le Loreto agus le Gaelcholáiste. Tháinig an ETB ar bharr ach tháinig an Ghaelcholáiste beagáinín taobh thiar, agus bhí mise bainteach leis an bhfeachtas sin. Mar chuid den scoil nua a bhí le bunú, bhí aonad ann seachas sruth. Bhí muid in ann éileamh a thaispeáint tar éis trí bliana go mbeadh 20 dalta chuile bhliain ionas go mbunófar Gaelcholáiste ina dhiaidh. Ar a laghad, tá sampla ann de cad a rinneamar, agus tá Gaelcholáiste Mhaigh Nuad againn. Bhí sé deacair go dtí an pointe sin a shroichint, ach táimid ag an bpointe sin anois agus tá an Ghaelcholáiste ina séú bliain anois. Táimid fós ar bharr ionad siopadóireachta, ach is scéal eile é sin.

Tá sé soiléir, go háirithe ón méid atá ráite ag an Seanadóir Curley, go bhfuil sé deacair do pháistí i rang a sé an cinneadh a dhéanamh dul go dtí Gaelcholáiste nuair atá easpa acmhainní i gceist i gcomparáid le scoileanna eile. Is mian le páistí ag an aois sin dul go dtí an scoil mór leis an halla spóirt nua, na foirne móra spóirt agus deiseanna níos fearr ó thaobh spórt, ealaín, ceol agus a leithéid. Is fadhb mhór í sin.

Is fuath liom an rud seo faoi béim agus éileamh an t-am ar fad i gcás lucht labhartha na Gaeilge agus muintir na Gaeltachta, ach dá mbeadh próiseas nó bealach ann ina mbeimid in ann a rá go bhfuilimid sásta aonad a bhunú agus, mar thoradh air sin, a thaispeáint go bhfuilimid in ann ar a laghad 15 dalta a mhealladh in aghaidh na bliana i gcomhair trí nó ceithre bliain, tabharfar an deis dúinn Gaelcholáiste a bhunú. An oibreodh a leithéid de chur chuige i súile na finnéithe? Tuigim go bhfuil siad i gcoinne aonaid. B'fhearr liom go mbeadh Gaelcholáiste ann ón tús, ach an oibreodh rud éigin mar sin? Táim ag smaoineamh faoin Tulach Mhór i gContae Uíbh Fhailí, nach bhfuil Gaelcholáiste ann. An oibreodh rud éigin mar sin i gcásanna mar sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.