Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 4 November 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Soláthar an Oideachais Lán-Ghaeilge: Plé
2:00 am
Shane Moynihan (Dublin Mid West, Fianna Fail)
Tréaslaím le Clodagh Ní Mhaoilchiaráin as ucht an méid sin. Ar cheist na ndíolúintí - nílim ag iarraidh an cheist sin a oscailt arís - chuir sé iontas agus scanradh orm dhá sheachtain ó shin nuair a chuir mé an cheist ceannann céanna ar oifigeach ón Roinn oideachais agus dúirt sí nach raibh aon mhaoirseacht á dhéanamh ag an Roinn ar bhronnadh na ndíolúintí, rud nach ndéanann ciall dom. Fillfimid air sin, táim cinnte.
Más féidir liom tiontú go dtí rud éigin eile gaolta leis seo ach nach bhfuil díreach faoi bhráid na bhfinnéithe, is é sin ceist an breisoideachas. Ceann de na múnlaí is mó atá againn in Éirinn a oibríonn go maith ó thaobh oideachas a chur ar dhaoine fásta agus ar dhaoine atá ag filleadh ar an mbreisoideachas de ná go n-úsáidtear meánscoileanna mar ionaid oideachais dóibh siúd. Bhí oifigí ón Roinn breisoideachas anseo linn cúpla seachtain ó shin agus tá siad anois ag teacht timpeall go dtí an dearcadh go gcaithfear oideachas trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil do dhaoine ag an tríú leibhéal, bíodh sé sin ardoideachas, breisoideachas nó cibé rud, agus go gcaithfear idirdhealú a dhéanamh idir oideachas trí mheán na Gaeilge agus cáilíocht Gaeilge a fháil. Tá an Roinn anois ag tabhairt aird air sin. Cén sórt idirghabháil atá ann idir bhuneagraíocht agus na ETBs i leith breisoideachas a chur ar fáil as Gaeilge sna Gaelcholáistí? Is é seo an áit gur féidir linn deis a thapú leis na deiseanna agus na féidearthachtaí a chur ar fáil do na daltaí sin atá ag dul tríd an gcóras oideachais bunscoile agus meánscoile trí mheán na Gaeilge an turas sin a leanúint. Tá easpa cáilíochtaí trí mheán na Gaeilge ag leibhéal na n-ollscoileanna. Tá deis iontach againn ag leibhéal an bhreisoideachais i leith na ETBs. Tá saineolas de chineál ag na finnéithe le tabhairt faoin gceist sin. An bhfuil an comhrá sin ag tarlú? An bhfuil fonn ar na finnéithe an comhrá sin a thosú? B'fhéidir go bhfuil an iomad rudaí ar an bpláta acu agus glacaim leis sin. Airím go bhfuil deis ann i leith an mbreisoideachais agus an Ghaeilge.
No comments