Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 30 September 2025

Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

Teagasc agus Stádas na Gaeilge sna hInstitiúidí Tríú Leibhéal: Plé (Atógáil)

2:00 am

Photo of Naoise Ó MuiríNaoise Ó Muirí (Dublin Bay North, Fine Gael)

Ba mhaith liom teacht ar ais go dtí an cheist faoin bpolasaí, an sprioc, na haidhmeanna agus mar sin de. Céard a tharlódh sa Roinn tar éis an chruinnithe seo dá dtosódh na finnéithe ag dul i ngleic leis na ceisteanna seo? Cé a dhéanfadh an glaoch fóin amárach ag rá go bhfuil na spriocanna, na haidhmeanna agus na polasaithe, mar atá leagtha amach ag Leas-Chathaoirleach an choiste, le cur chun cinn agus go gcaithfear iad a fhorbairt ag tosú Dé Luain? Tá mé ag iarraidh a thuiscint céard a tharlódh. Cá bhfuil an cumhacht é sin a dhéanamh? An dtiocfadh an cinneadh sin ón Roinn? Mar a thuigim é, bíonn ráiteas nó plean straitéiseach ag gach Roinn ar feadh trí nó cúig bliana. An é sa phlean straitéiseach a chaithfeadh rud mar seo a tharlú? Cén chaoi a tharlaíonn sé go dtosnaíonn na rudaí seo? Tá suim soiléir ag an gcoiste san earnáil tríú leibhéal agus an dream atá ag obair taobh amuigh den chóras tríú leibhéal. Táimid ag iarraidh na huimhreacha a ardú agus an polasaí a chur i bhfeidhm. Cá as a thiocfadh an glaoch sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.