Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 30 September 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Teagasc agus Stádas na Gaeilge sna hInstitiúidí Tríú Leibhéal: Plé (Atógáil)
2:00 am
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Tá sé go maith go nglacann Jean O'Mahony leis sin. An freagra atá faighte againn ó na hinstitiúidí ó ritheadh an Acht sin ná go bhfuil siad teoranta nó ní ann dóibh, go dtí seo. Níl siad tar éis bogadh ó thaobh polasaí polaitiúl an Stáit go mbeidh Gaeilge ag 20% d'earcaithe. Ní léir domsa nó don choiste go n-oibreoidh sé sin. Is é sin an fáth go bhfuil na seisiúin seo ar siúl againn. Beidh ceannairí na hollscoileanna ag teacht os ár gcomhair diaidh ar ndiaidh chun go gcuirfidh muid na ceisteanna seo orthu go díreach. Cén fáth nach bhfuil siad ag freagairt don pholasaí poiblí atá ann go mbeidh 20% dóibh siúd atá chun na postanna ag gach leibhéal sa Státseirbhís a líonadh inniúlach sa Ghaeilge? Ní hé go bhfuilimid ag lorg go mbeidh Gaeilge inniúlach ag 20% de na cléirigh, ach go mbeidh sé ag gach leibhéal. Dá mbeadh sé i gceist go mbeadh 20% de dhochtúirí inniúlach sa Ghaeilge, bheadh orainn féachaint ar conas gur féidir é sin a dhéanamh. Tá sé seo ann le ceithre bliana, agus níl sé tar éis bogadh.
No comments