Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 30 September 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Teagasc agus Stádas na Gaeilge sna hInstitiúidí Tríú Leibhéal: Plé (Atógáil)
2:00 am
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Tá roinnt ceisteanna eile agam. Bhí na finnéithe ag rá go bhfreagraíonn an Roinn agus na hollscoileanna an freagairt don éileamh. Tá a fhios againn ar fad go bhfuil éileamh ann ó thaobh na Gaeilge de ach nach bhfuil na cúrsaí ann. Má fhéachaimid ar TG4, go minic is ar lucht ceamara, lucht eagarthóireachta na scannáin agus iad siúd ar fad a bhíonn sé cúrsa a dhéanamh seachas go bhfuil na hollscoileanna nó na hinstitiúidí tríú leibhéal á gcruthú. Tá siad breá sásta go bhfuil na cúrsaí ar fáil i mBéarla agus gur leor sin. Má tá Gaeilge agat, happy days, agus is féidir leat casadh uirthi, seachas go mbeadh sí ann ó thús báire. Tá sé mar an gcéanna leis na haistritheoirí. An t-aon fáth go bhfuil aistritheoirí againn i dTithe an Oireachtais nó fiú san Aontas Eorpach ná go raibh ar an Stát seasamh isteach agus íoc as cúrsaí ar leith ionas go mbeadh aistritheoirí ann toisc nach raibh na hinstitiúidí tríú leibhéal ag freagairt don éileamh agus bhí postanna mór le rá ansin. Gach uile áit a théann tú feictear é. Tá múinteoirí mar an gcéanna. Toisc go raibh easpa múinteoirí ann, bhí ar an Aire oideachais cúrsaí ar leith a bhunú, nó brú a chur ar na hinstitiúidí máistreacht a dhéanamh le Gaeilge agus airgead breise a chur ar leataobh. Is é sin an buntáiste atá ag an Aire ach ní na hinstitiúidí atá ag freagairt don éileamh. Tá ar an Stát brú a chur orthu. Ní chóir go mbeadh sé sin ann ach sin mar atá. Tá súil agam go dtuigeann na finnéithe é sin.
Ó thaobh na Gaeilge de, is gá don Stát seasamh isteach agus brú nó coinníollacha a chur leis na deontais ionas go gcaithfidh na institiúidí cloí leis an gcur chuige seo agus líon na gcúrsaí atá ar fáil a mhéadú. Luaigh mé an tseachtain seo caite go bhfuil 174 cúrsa ar fáil in Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, ach níl ach trí nó ceithre cinn acu sin le Gaeilge mar mhodúl iontu nó as Gaeilge ina iomláine. In UCD, tá 60 cúrsa, trí cinn acu atá trí Ghaeilge. B'fhéidir go bhfuil breall orm leis na figiúirí. B'fhéidir go bhfuil sé níos measa fós. Rinne mise an comhaireamh sin an tseachtain seo caite ar an bhfón agus mé i mo shuí anseo. Mar sin, níl leithscéal ar bith ag an Údarás um Ard-Oideachas nó aon dream eile nach féidir leo na figiúirí sin a chur le chéile cuíosach tapa.
Tá an ceart ag na finnéithe ó thaobh an taighde agus conas is féidir linn a chinntiú, dóibh siúd atá ag teacht amach as na meánscoileanna nó na Gaelcholáistí le Gaeilge, go dtuigeann siad gur féidir leo sa triú, ceathrú, cúigiú nó séú bliain tosú ag smaoineamh ar chúrsaí a dhéanamh trí Ghaeilge. An fhadhb a bhí ag an gcuid is mó daoine, i measc cairde liom féin le páistí agus mo pháistí féin, ná nuair a bhí siadsan ag smaoineamh ar chúrsa, nach raibh na cúrsaí ar fáil as Gaeilge. Dá bhrí sin, chas siad láithreach ar an gceann Béarla. Bhí siad ag lorg jab agus céim so ní raibh siad chun crochadh timpeall ag fanacht leis an éileamh. Go huathoibríoch, d'iompaigh siad ar an mBéarla. Níor smaoinigh siad. Bíonn roinnt daoine eile ag smaoineamh ar bhogadh go Gaillimh. Níl fadhb ar bith agam le hOllscoil na Gaillimhe - bhuel, tá roinnt fadhbanna agam leis - ach ní cheart go mbeadh ar dhaoine bogadh ón gceantar ina bhfuil siad. Chuala muid ar fad an fhadhb atá ag daoine lóistín a fháil. An fáth go raibh siad ag bogadh go Gaillimh ná go raibh an cúrsa ar fáil ansin agus nach raibh sé ar fáil i gColáiste na Tríonóide, in Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath nó i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Beidh sé go maith dóibh gur bhog siad agus dearcadh eile a fháil ar an saol ach bhí siad ag bogadh toisc gur sin an áit ina raibh an cúrsa ar fáil dóibh as Gaeilge. Bhí éileamh i mBaile Átha Cliath mar sin. Tá aithne agam ar chúigear, ar a laghad, a bhog ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh i mbliana. Bheadh siadsan ar an gcúrsa céanann céanna i mBaile Átha Cliath dá mbeadh sé ar fáil anseo. Conas is féidir linn dul i gcion ar na coláistí féachaint ar an éileamh seo seachas go mbeadh ar an Stát i gcónaí airgead breise nó airgead ar leith a chur ar leataobh le cinntiú go bhfuil cur chuige ceart ag na coláistí agus go bhfuil cúrsaí ar leith ar fáil chun an sáinn nó an bhearna mhór sin a líonadh?
No comments