Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 30 September 2025

Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

Teagasc agus Stádas na Gaeilge sna hInstitiúidí Tríú Leibhéal: Plé (Atógáil)

2:00 am

Photo of Naoise Ó CearúilNaoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)

Dúirt an Dr. Dowdall é sin cheana agus gabhaim buíochas leis, ach an cheist atá agam ná cén fáth nach bhfuil polasaí á chruthú ag an Roinn. Why is the Department not creating it? Is léir, tar éis an chruinnithe seo, go bhfuil sé ag teastáil agus is dóigh liom go mbeadh an Roinn in ann é sin a dhéanamh.

Bogfaidh mé ar aghaidh. Ba mhaith liom rud amháin eile a lua agus deireadh á chur agam le mo chuid ceisteanna. Bhí finné os ár gcomhair an tseachtain seo caite ón earnáil tríú leibhéal. Labhair sí faoin chaoi a cáineadh mic léinn tríú leibhéal ó thaobh na Gaeilge a úsáid, mar shampla sa leabharlann. Is é sin ceann de na cúiseanna go bhfuil mé ag cur na ceisteanna seo faoi na polasaithe. Is léir go bhfuil polasaí níos láidre ag teastáil sna hinstitiúidí tríú leibhéal chun cothromaíocht a thabhairt do mhic léinn atá ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid seachas an Béarla. Tá an ceart sin acu agus iad ag déileáil leis na hinstitiúidí Stáit agus ciallaíonn sé sin na hollscoileanna agus na hinstitiúidí tríú leibhéal chomh maith. Bhí mé ag iarraidh é sin a rá leis na finnéithe. Go raibh maith agaibh. An bhfuil aon cheisteanna eile?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.