Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 23 September 2025

Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

Teagasc agus Stádas na Gaeilge sna hInstitiúidí Tríú Leibhéal: Plé

2:00 am

Mr. Pádraig Mac Brádaigh:

Ag teacht leis an méid atá ráite ag Aoife Ní Bhriain, tá géarghá le reachtaíocht. Tá reachtaíocht ag teastáil. Ní féidir leis an t-athrú atá ag teastáil tarlúint gan reachtaíocht. Tá dualgais reachtúla ar an Údarás um Ard-Oideachas maidir le cur chun cinn na Gaeilge ach arís, cad is brí leis sin? Cad is brí leis? Cloistear an nath cainte "cur chun cinn na Gaeilge" i gcónaí. Nuair a deirtear go bhfuil an Ghaeilge á cur chun cinn, cad is brí leis sin? Is minic a chiallaíonn an Ghaeilge a chur chun cinn an rud is lú a dhéanamh don teanga de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. Is minic gurb ionann an bunrud agus cur chun cinn na Gaeilge. Ní gá bheith teoranta do na cúrsaí breisoideachais nó ardoideachais; is féidir dul i ngleic leo go léir le creatlach náisiúnta Gaelollscolaíochta mar atá sa Bhreatain Bheag.

Rinne mé dearmad rud beag bídeach a lua níos luaithe. Rinne mise cúrsa Gaeilge ceithre bliana i gColáiste na Tríonóide. Cé gur bhain mé an-sult as, bhí sé dírithe ar an litríocht agus na gnéithe teicniúla den teanga. Ní raibh aon rud praiticiúil sa chúrsa sin. D'fhoghlaim mé gach rud atá ar eolas agam faoi shaol na Gaeilge agus faoin earnáil Ghaeilge sa lá atá inniu ann - na poist atá ar fáil, an phleanáil teanga agus na coincheapa sochtheangeolaíochta; agus is iad sin na coincheapa is tábhachtaí i saol na Gaeilge sa lá atá inniu ann - sa Chumann Gaelach. Níor fhoghlaimíomar faoi Chonradh na Gaeilge sa lá atá inniu ann, ná faoi Fhoras na Gaeilge. Níor fhoghlaimíomar faoi shaol na Gaeilge reatha. Is dóigh liom gur fhadhb mhór í sna hollscoileanna go bhfuil an saol acadúil ró-dhírithe ar an litríocht agus mar sin. Cé go bhfuil tábhacht leis sin, níl na cúrsaí Gaeilge mar atá siad praiticiúil don lá atá inniu ann. Is minic a théann daoine isteach sna poist a bhaineann le pleanáil teanga agus le sochtheangaolaíocht gan oiliúint nó oideachas a bheith orthu faoi na rudaí sin. Is minic a thosaíonn daoine i ról pleanálaí teanga gan taithí ar bith acu ar an ábhar. Ba cheart go mbeadh coincheap na pleanála teanga Gaeilge lárnach i ngach cúrsa Gaeilge agus mar ábhar sna hollscoileanna.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.