Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 23 September 2025

Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

Teagasc agus Stádas na Gaeilge sna hInstitiúidí Tríú Leibhéal: Plé

2:00 am

Ms Cassie Ní Chatháin:

Díreach le cur leis an mhéid a bhí Pádraig Mac Brádaigh ag rá, ní gá i gcónaí amharc ar an Bhreatain Bheag fá choinne samplaí dea-chleachtais. Tá GaelChúrsaí ag déanamh obair ar dóigh i mBéal Feirste. Tá sé ag cur traenáil ar fáil ar fud na tíre i gcúrsaí áilleachta, cócaireachta agus araile. Tá sé i ndiaidh an dara hionad a oscailt anois i mBéal Feirste. Thug an chomhchoiste seo cuairt air agus é i mBéal Feirste, nó b’fhéidir go bhfuil dul amú orm. Tá sé ag déanamh obair ar dóigh agus áiseanna iontacha aige. Níl sé ach ag méadú. Is léiriú é sin ar gach is féidir a dhéanamh le cur leis an mhéid fháis a bhí Pádraig Mac Brádaigh, Róisín Ní Chinnéide agus Rachel Áine Ní Mharcascáil ag caint faoi níos luaithe.

Tógadh le Gaeilge mé sna Sé Chontae ach ní bhfuair mé mo chuid oideachais fhoirmeálta trí mheán na Gaeilge. Tháinig mé go Gaillimh toisc gur fógraíodh é mar ollscoil dhátheangach agus áit a raibh an oiread sin cúrsaí ar fáil trí Ghaeilge. Rinne mé Gaeilge agus stair inti. I ndiaidh dom an cúrsa a thoiseacht, áfach, cuireadh in iúl dom nach raibh sé ar fáil, go raibh orm an t-ábhar ar fad a aistriú mé féin agus ansin go dtiocfadh liom m’aistí a chur isteach trí Ghaeilge. Dar ndóigh, toisc nach raibh oideachas foirmeálta agam trí mheán na Gaeilge roimhe sin, ní raibh sé de chumas agam é sin a dhéanamh. Is cur chuige ad hoc atá ann mar a léirítear sa tuairisc seo, a cuireadh ar fáil don choiste, agus mar a dúradh inniu. Níl sé sin maith go leor. Tá athraithe ag teacht, ach tá siad ag teacht ar bhonn dea-thola ó na léachtóirí agus na teagascóirí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.