Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 23 September 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Teagasc agus Stádas na Gaeilge sna hInstitiúidí Tríú Leibhéal: Plé
2:00 am
Mr. Pádraig Mac Brádaigh:
Ba mhaith liom rud beag bídeach a rá faoi sin chomh maith toisc go bhfuil mic léinn atá ag déanamh staidéir ar chúrsaí oideachais an-tábhachtach chun an Ghaeilge a thabhairt do pháistí. Is léir nach bhfaigheann na mic léinn múinteoireachta go leor uaireanta teagaisc chun go mbeidís in ann a bheith inniúil sa Ghaeilge iad féin. Is cinnte go bhfuil neart múinteoirí Gaeilge iontacha a bhfuil scoth na Gaeilge acu ar fud na tíre ach, le tagairt a dhéanamh do mo chuid taithí féin ar an ollscoil, d'fhreastail mé ar chúrsa Gaeltachta le mic léinn ó Choláiste Mhuire gan Smál a bheadh mar mhúinteoirí bunscoile agus ní raibh siad in ann abairt a chur le chéile. Ní haon áibhéil é sin. Ba iad na daoine a bheadh ag múineadh na Gaeilge do na mílte páiste ar fud na tíre. Arís, ní fhaigheann na mic léinn múinteoireachta go leor uaireanta teagaisc sa teanga féin. Bhí mé ag iarraidh an pointe seo a dhéanamh.
No comments