Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 23 September 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Teagasc agus Stádas na Gaeilge sna hInstitiúidí Tríú Leibhéal: Plé
2:00 am
Mr. Pádraig Mac Brádaigh:
Gabhaim buíochas leis an Seanadóir as na ceisteanna agus as teacht go Coláiste na Tríonóide an lá sin chun caint. Maidir leis na printíseachtaí, is smaoineamh an-mhaith é sin. Bíonn Aontas na Mac Léinn in Éirinn ag obair lenár gcuid balleagraíochtaí. Is dóigh liom go bhfuil gach ollscoil teicneolaíochta sa tír ina mballeagraíocht linn. I mbliana, táim ag dul i bhfeidhm ar na hoifigigh oideachais sna haontais chun labhairt lena n-ollscoileanna féin maidir leis sin. Tá múnla iontach i bhfeidhm i mBéal Feirste maidir le printíseachtaí trí GhaelChúrsaí ina bhfaigheann mic léinn oiliúint trí Ghaeilge le haghaidh gruagaireachta, siúinéireachta agus rudaí mar sin. Ba bhreá linn múnla mar sin a chur i bhfeidhm ó Dheas fosta. Ba mhaith linn go mbeadh sé sin ceangailte le creatlach náisiúnta Gaelollscolaíochta toisc go mbaineann sé leis na hollscoileanna teicneolaíochta. Faoi láthair, úsáideann an Roinn ardoideachais agus an tÚdarás um Ardoideachas leithscéal an neamhspleáchais atá ag na hollscoileanna go léir chun a rá nach féidir leo aon rud a dhéanamh ná creatlach náisiúnta a chur ar bun. Má táimid dáiríre faoi seo, caithfidh na hollscoileanna teicneolaíochta agus na hollscoileanna nach ollscoileanna teicneolaíochta iad a bheith ag obair le chéile chun printíseachtaí agus cúrsaí a chur ar fáil trí Ghaeilge. Baineann sé sin leis an gcreatlach.
No comments