Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 15 July 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Tuarascáil Bhliantúil 2024 agus Caighdeán na Seirbhísí Poiblí Dátheangacha: Oifig an Choimisinéara Teanga
2:00 am
Mr. Séamas Ó Concheanainn:
Gabhaim buíochas leis an Seanadóir. Is earnáil criticiúil an earnáil atá luaite aige. Tá béim leagtha againn go bhfuil, i láthair na huaire, isteach is amach 7% do phobal na ndaltaí go náisiúnta lasmuigh den Ghaeltacht ag freastal ar Ghaelscoileanna. Luaigh sé a chuid taithí oibre féin ag obair le coláiste ar leith. Ó mo thaithí ag obair le hollscoil roimhe seo, tá fíorthábhacht ag baint leis na tréimhsí tumthacha sa Ghaeltacht. Caithfidh ábhair oidí dhá thréimhse coicíse a chaitheamh sa Ghaeltacht i láthair na huaire. Is dóigh liom go bhfuil an cur chuige sin thar a bheith tábhachtach i gcomhthéacs an phlé níos leithne atá againn anseo maidir le hoibrithe agus fostaithe don seirbhís poiblí i gcoitinne ag cur lena gcuid cumais teanga.
Is cinnte go bhfuil dúshlán ann maidir le teagasc na Gaeilge ag leibhéil éagsúla sa chóras scolaíochta in Éirinn. Is dualgas é sin a thiteann ar an Roinn oideachais ar an gcéad dul síos. Tá ról tábhachtach ag an Chomhairle Múinteoireachta dar ndóigh agus ag na coláistí oiliúna. Bhí dea-scéal ann roinnt blianta ó shín nuair a bunaíodh clár fo-chéime B.Ed. ar leith le sruth d’oidí nua a chur chun cinn. Is dóigh liom go dteastaíonn uainn tógáil ar an sampla sin. Muna mbreathnófar go sonrach ar phlean don earnáil oideachais agus an chaoi a bhfeabhsófar an inniúlacht atá ag oidí trasna an chórais trí chéile, is dócha go mbeidh dúshlán againn ag déanamh cinnte go bhfuil Gaeilge ag leibhéal sásúil ag mic léinn nuair a fhágann siad an córas dara leibhéal le dul ar aghaidh le tabhairt faoin ollscolaíocht Gaeilge.
Ach an oiread leis an mbéim atá leagtha againn ar phlean don sprioc 20%, is cuid lárnach den soláthair duine as cúigear le Gaeilge mhaith an méid atá ag tarlú san earnáil oideachais. Ba cheart breathnú air sin mar fho-earnáil ar leith. Bhíomar ag plé níos luaithe an sprioc 20% agus, má bhristear síos é, cén chaoi a mbainfear 5% nó 10% agus mar sin de. Dar ndóigh, taobh istigh den 5% sa chéad chúpla bliain bheadh earnáil an oideachais lán-Ghaeilge mar ghné chriticiúil de sin. Ba cheart go mbeadh plean ar leith ann maidir le cén chaoi a bhfeabhsófar cumas teanga an fhórsa saothair sin trí chéile.
No comments