Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 15 July 2025

Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

Tuarascáil Bhliantúil 2024 agus Caighdeán na Seirbhísí Poiblí Dátheangacha: Oifig an Choimisinéara Teanga

2:00 am

Mr. Séamas Ó Concheanainn:

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Tá an ceart aige go bhfuil sé i gcroílár an bheartais náisiúnta atá ag teastáil ó thaobh cúrsaí oideachais. Tháinig roinnt gearáin i dtreo m’oifig agus chinn muid imscrúdú a sheoladh go sonrach ar son soláthar atá an Roinn oideachais ag déanamh ag leibhéal na hiarbhunscolaíochta lánGhaeilge. Go ginearálta tá an leibhéal soláthair bunaithe ar na figiúirí atá foilsithe go poiblí agus atá á iniúchadh againn ag léiriú go bhfuil an soláthar ag leibhéal na hiarbhunscolaíochta lánGhaeilge i bhfad níos ísle. Tá sé faoi bhun 3% go náisiúnta lasmuigh den Ghaeltacht i gcomparáid leis an soláthar ag leibhéal na bunscolaíochta. Táimid i lár an imscrúdaithe faoi láthair agus tá íogaireacht áirithe ó thaobh obair m’oifige timpeall air sin, ach is féidir liom a rá go bhfuilimid ag breathnú ar an soláthar sin thar leibhéal deich mbliain go náisiúnta, agus go bhfuil muid ag breathnú ar chás staidéar i gcontaetha agus i limistéir ar leith a dhéanann iniúchadh ar aon bhearna suntasach atá ann nach bhfuil deis ag daltaí ag leibhéal na bunscolaíochta lánGhaeilge a chur ar aghaidh go dtí leibhéal na hiarbhunscolaíochta lán Ghaeilge mar gheall ar easpa soláthair. Is clár taighde suntasach eolaíoch atá ann a bhreathnaíonn ar an gcomhthéacs polasaí atá ag an Stát le deich mbliain ó thaobh cúrsaí oideachais. Tá súil agam an t-imscrúdú a bheith tugtha chun críche roimh dheireadh na bliana. Táimid ag cuir acmhainní ar leith i dtreo an imscrúdaithe sin ar na cúiseanna a luaigh an Teachta agus an tábhacht a bhaineann leis go mbeidh ábhar mac léinn leibhéal na hollscolaíochta lánGhaeilge ar fáil ag leibhéal i bhfad níos airde mar atá faoi láthair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.