Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 15 July 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Tuarascáil Bhliantúil 2024 agus Caighdeán na Seirbhísí Poiblí Dátheangacha: Oifig an Choimisinéara Teanga
2:00 am
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tréaslaím leis an gcoimisinéir as an méid atá ráite aige. Tá sé tábhachtach go gcloisimid a leithéid chomh lom sin. Tá sé seo achtaithe ó 2021 agus trí bliana go leith níos déanaí, níl na caighdeáin ann. Bhíomar ar fad ag tnúth leo. Is cuimhin liom an díospóireacht fúthu. Bhíomar ag tnúth leo laistigh de sé mhí. Dúirt an tAire nach mbeadh aon fhadhb agus go mbeadh siad ann laistigh de thrí mhí, ach táimid fós ag fanacht. Tuigim na deacrachtaí agus an dúshlán atá i gceist ach tá dainséar ann ag an staid seo nach sroichfimid an sprioc atá leagtha síos do 2030. Caithfimid bheith réalaíoch faoi sin. Leag an coimisinéir síos go soiléir cé chomh lárnach is atá na caighdeáin sin. An tarna rud a leag sé béim air ná an gá go mbeidh straitéis againn ó thaobh an córas oideachais sna hollscoileanna agus ag an dara leibhéal chomh maith. Luaigh sé go bhfuil imscrúdú á dhéanamh ag Oifig an Choimisinéara Tenaga ar earnáil na hiarbhunscoileanna. Cén uair a bheidh sé sin críochnaithe aige? An bhfuil tuairim aige faoi sin? Tá sé chomh lárnach sa straitéis a bhaineann le gach rud atá luaite aige.
No comments