Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 2 July 2025
Joint Oireachtas Committee on Agriculture and Food
Dog Control and Sheep-Worrying: Discussion
2:00 am
Mr. John Joe Fitzgerald:
Is í an chéim amháin a mholaim ná database nó ionad sonraí a chur le chéile a thiocfadh faoi bhráid an Aire talmhaíochta agus na Roinne talmhaíochta. Ní mór ceadúnas madraí a bheith ag daoine. Ní mór ceann amháin de na cinn seo a leanas a bheith ag daoine: dog licence, microchipping nó sampla DNA. Caithfidh na cinn seo ar fad a bheith faoi bhráid an Aire talmhaíochta agus na Roinne talmhaíochta. Caithfidh duine éigin a bheith freagrach as seo nó commissioner a thabhairt isteach le gur féidir le daoine dul chuige i gcónaí. D’oibreodh sé sin go maith. Roimhe seo, bhí beirt Aire ag déileáil le cúnamh madraí le blianta fada. Bhí duine amháin ag rá rud amháin le duine amháin agus rud eile le duine eile agus é ag imeacht ar fud na háite. Ní mór é sin a bheith faoi bhráid Roinne amháin. D’oibreodh sé sin go maith.
No comments