Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 24 June 2025

Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

Clár Oibre agus Tosaíochtaí Údarás na Gaeltachta: Plé

2:00 am

Mr. Tomás Ó Síocháin:

Rachaidh mé chuig mo chomhghleacaithe ar cheisteanna áirithe.

Thagair an Cathaoirleach do thascfhórsa Uíbh Ráthaigh. Tá sé sin tráthúil. Tá obair mhór déanta ansin. Dúirt an Cathaoirleach go bhfuil an tascfhórsa ag snámh in aghaidh easa. Tá ar thaobh amháin tá an líon tithe saoire is airde sa tír - 40% - sa cheantar sin. Léiríonn sé sin an dúshlán atá rompu ach, é sin ráite, tá go leor oibre déanta. An tábhacht a bhaineann leis an obair ansin don údarás ná gur fhorbair an tascfhórsa múnla ó thaobh tithíocht phobail. Rinne an t-údarás iarratas ar an RRDF in iarracht an múnla sin a fhorbairt agus go mbeadh an múnla sin á úsáid againn in áiteanna eile. Bhí sé sin taobh thiar de go leor den spreagadh ag féachaint ar an ngá a bhí le deontas do na heagrais forbartha pobail mar ba léir dúinn go raibh ceannaireacht á léiriú ag na heagrais forbartha pobail go raibh siad in ann dul chun cinn a dhéanamh go minic ar cheisteanna a bhí níos casta ó thaobh na n-údarás áitiúil agus ó thaobh an údaráis mar áisíneacht Stáit. Thug sé sin ardán dóibh an dul chun cinn sin a dhéanamh.

Tá an obair déanta i gceantar Uíbh Ráthaigh le moladh go mór. Táimid ag iarraidh tógáil air sin mar shampla agus mar eiseamláir. Feictear dúinn go dtugtar freagra ar chúpla ceist nuair atá an pobal i seilbh na tithíochta in áit. Thagair an Teachta John Connolly don cheist seo agus coinníollacha teanga á bplé aige. Má tá an t-iontaobhas pobail ansin mar atá forbartha i gCiarraí theas, fágann sé go bhfuil cúram na Gaeilge ar an dream atá á bhainistiú agus gur féidir linn a bheith cinnte go bhfuil duine le Gaeilge ag bogadh isteach i gcónaí mar gheall go bhfuil na háitribh ar cíos. Tugann an t-iontaobhas pobail freagra ar an gceist a thagann chun cinn go minic conas is féidir an riail Ghaeilge a chur i bhfeidhm nuair a chailltear duine le Gaeilge a raibh teach aige nó aici agus tagann an chéad ghlúin eile isteach.

Feictear dúinn go bhfuil deis eile ann nuair a dhírítear isteach ar dhaoine atá ag dul in aois. Bíonn na daoine seo ag dul in aois in áiteanna a bhfuil scoite amach agus nach bhfuil na seirbhísí in áit dóibh. Tá a fhios againn ón obair cheannródaíoch atá déanta ag an Dr. Jerry Cowley i gContae Mhaigh Eo le láthair Naomh Bhreandáin gur féidir linn cuid de na ceachtanna atá foghlamtha ón méid seo a úsáid sa chur chuige iontaobhas pobail mar go mbeadh deis ag daoine bogadh isteach in aonaid bheaga, rud a thabharfadh deis don phobal na tithe ina raibh siad a úsáid don chéad ghlúin eile nó do dhaoine eile. Ar an ábhar sin, tá sé ag cruthú pobal iomlán Gaelach atá sásta an Ghaeilge a úsáid.

Anuas air sin, cruthaíonn sé spás do tithíocht eile agus go minic tapaítear an deis sin leis na tithe tréigthe a rabhamar ag caint orthu. Feictear dúinn gur múnla ar leith é sin. Táimid tar éis tacú go mór leis. Tá a fhios agam go raibh Rónán Mac Con Iomaire ag plé leis an gcur chuige maidir le tascfhórsa Uíbh Ráthaigh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.