Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 24 June 2025

Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

Clár Oibre agus Tosaíochtaí Údarás na Gaeltachta: Plé

2:00 am

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Tá cúpla ceist agam féin. Táim ag iarraidh clabhsúr a chur leis an gcruinniú i gceann cúpla nóiméad. Gabhaim míle buíochas leis na finnéithe. Bhí sé sin cabhrach agus suimiúil. Ag cur leis an gceist a chuir an Teachta Ó Muineacháin, tá sé ráite i ráiteas tosaigh an údaráis go bhfuil coiste na n-údarás áitiúla Gaeilge agus Gaeltachta tagtha le chéile. Is rud nua é sin is dócha. Is maith an rud é. Táim chun cúpla rud a rá anseo. Nuair a tháinig na húdaráis áitiúla os ár gcomhair nuair a bhí iarchathaoirleach an údaráis ann, bhí sé thar a bheith soiléir nach raibh cliú acu. Cuirfidh mé i mbealach níos dearfaí é; bhí easpa tuisceana iomlán i gceist ó thaobh na gcúraimí a bhí orthu ó thaobh na nGaeltachtaí, cúrsaí tithíochta agus coinníollacha teanga. Is maith an rud é go bhfuil beagáinín dul chun cinn déanta ansin. Ó thaobh an beagáinín fuadair atá le feiceáil, tréaslaím leis an údarás as a chuid oibre ach tá sé tábhachtach a bheith ionraic agus díreach.

Is maith an rud go bhfuil fuadar ó thaobh chúrsaí tithíochta faoi dheireadh. Ní raibh an t-údarás réamhghníomhach leis sin, faraor. Tuigim den údarás - bhí sé ag díriú ar chúrsaí fostaíochta agus tá a fhios agam go raibh easpa acmhainní i gceist - ach bhí trí dhualgas air i gcónaí: teanga, pobal agus fostaíocht. Tháinig an fuadar de bharr an bhrú ón mbun aníos. Bhí ar an bpobal eagraíochtaí a chur le chéile, cosúil le BÁNÚ agus Tinteán. Is iad seo na téamaí a tháinig suas go rialta.

Toghadh mise den chéad uair in 2016. Thaisteal an coiste ar fud na tíre faoi dhó. Pléadh cúrsaí tithíochta, easpa tithíochta agus gan aon réamhghníomhaíocht i gceist ó thaobh an údaráis nó an Rialtais. Tá easpa seirbhísí i nGaeilge agus tá bearna ollmhór fós ann agus téamaí eile cosúil le cúrsaí pleanála teanga, easpa cinnteachta, agus coinníollacha nach bhfuil rómhaith ina measc.

B’fhéidir go ndíreoidh mé ar chúrsaí tithíochta anois. Cuirfidh mé na ceisteanna uilig ag an bpointe seo. Chuir an t-údarás €250,000 ar leataobh do chomhlacht áirid chun plean tithíochta a dhéanamh. Cá bhfuilimid maidir leis sin? Cad é stádas an phlean sin? Cad iad na sonraí?

Is rud iad na foirgnimh atá folamh agus araile ar lean mé féin suas leis. Is maith an rud go bhfuil punann mhaoine ag an údarás. Is maith an rud go ndearna an t-údarás agus Gaeltarra Éireann é sin roimhe sin. Cá bhfuilimid ó thaobh na bhfoirgneamh sin? Is dócha nach bhfuil a dhóthain ama ag lucht an údaráis é sin a fhreagairt mar beidh mé ag cur tuilleadh ceisteanna. An bhféadfaidís an coiste a chur ar an eolas? Is coiste nua ó thaobh na bhfoirgneamh atá folamh, cén fáth a bhfuil siad folamh agus cad iad na hacmhainní atá ag teastáil.

Chuir lucht an údaráis béim ar chúrsaí fostaíochta mar ba cheart. Cad mar gheall ar mhonatóireacht ó thaobh úsáid na teanga de? Ar leathanach 11 dá Ráiteas Deireadh Bliana 2024, scríobh an t-údarás “Díríonn Scéim Forbartha Gaeilge na gCliantchomhlachtaí, clár tacaíochta 3 bliana de luach €1.3m ...”. An bhféadfadh na finnéithe cur síos a dhéanamh air sin agus ar an alt roimhe sin, áit a maítear “Díreoidh, An Clár Tacaíochta Gaeilge do Ghnólachtaí,clár tacaíochta 3 bliana ...”. Tá idirdhealú á dhéanamh idir an dá rud sin. Tuigim é sin. Cá bhfuil siad faoi láthair?

An bhfuil an t-iarratas do thogra Charraigeacha na Sceirde fós beo os comhair An Bhord Pleanála? An bhfuil an t-iarratas ann fós nó ar tarraingíodh siar é? Baineadh stangadh asam nuair a mhaígh an comhlacht sin gurb é an chúis ba mhó ná níor thug sé a dhóthain airde ar chúrsaí aeráide. An rud a chuala mé ná nár thuig an comhlacht cé chomh láidir is a bheadh na stoirmeacha. Chuir sé iontas orm nár chuir an comhlacht athrú aeráide agus stoirmeacha san áireamh.

Maithfidh an coiste agus na finnéithe dom é agus mé ag fágáil mo Ghaeltacht féin, ach chuaigh sé go mór i bhfeidhm orm agus ar bhaill eile an choiste nuair a chuamar go dtí Gaeltacht Uíbh Ráthaigh. Chuir siad in iúl cé chomh tábhachtach is a bhí sé ionadaíocht a thabhairt dóibh ar an údarás. Tuigim nach mbaineann sé sin leis na finnéithe agus gur cinneadh polaitiúil a bhí ann ach d’impigh siad orainn ár dtionchar a úsáid go mbeadh ionadaíocht acu ar an mbord nua. Faraor, níor éirigh linn dul i bhfeidhm ar an Rialtas é sin a dhéanamh fós. Tá tascfhórsa in Uíbh Ráthach le fada an lá. I gcomparáid leis an tascfhórsa tithíochta i nGaillimh, tá neart oibre déanta ag an tascfhórsa seo. Ón mbliain 2017 ar aghaidh, bunaíodh tascfhórsa tithíochta i nGaillimh. Níl aon tuarascáil mar seo tagtha uaidh. Tá 20 teaghlach tar éis athlonnú go dtí an ceantar le tacaíocht ón tascfhórsa. Is maith an rud é sin. An bhfuil sonraí ag na finnéithe i leith sin? Dealraítear dúinn sa Ráiteas Deireadh Bliana 2024 gur “Seoladh treochlár do thionscadail tithíochta inacmhainne d’Uíbh Ráthach faoi stiúir an phobail”. Tá a lán rudaí eile, ach táimid ag druidim i dtreo dheireadh an chruinnithe. Tá siad ag streachailt cosúil le gach Gaeltacht. Tá siad ag snámh in aghaidh easa i ndáiríre, ach tá méid mór déanta acu leis an tascfhórsa.

Tháinig an fuadar de bharr díospóireachta ar an mBille nua maidir le hÚdarás na Gaeltachta sa Dáil ó gach ionadaí sa Dáil ar an dá thaobh. Ardaíodh easpa tithíochta le linn an phlé. Bhaineamar go léir agus na heagraíochtaí ar fad an deis an ghéarchéim tithíochta sna Gaeltachtaí a chur in iúl don Rialtas. Is í sin an áit ar tháinig an fuadar uaithi. Rinneamar go léir leasuithe ar an mBille agus stop an tAire an próiseas, fair play dó, agus dúirt sé go rachaidh sé i dteagmháil le hÚdarás na Gaeltachta, na húdaráis áitiúla agus na heagraíochtaí ar an talamh. Is as sin a tháinig an fuadar ó thaobh chúrsaí tithíochta. Tá sé tábhachtach é sin a rá. Sin í mo chuid. Is féidir leis na finnéithe díriú ar na pointí sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.