Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 24 June 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Clár Oibre agus Tosaíochtaí Údarás na Gaeltachta: Plé
2:00 am
Mr. Tomás Ó Síocháin:
Tá sé mar bhac orainn ó thaobh cúrsaí fiontraíochta. Tá sé ag éirí deacair ó thaobh fhoireann an údaráis, na daoine atá ag obair linn, ár gcomhghleacaithe. Tá sé deacair do dhaoine atá ag teacht chun fostaíocht a fháil linn má tá siad ag bogadh ó áiteanna eile. Ní fadhb í sin i gceantar na Gaillimhe amháin. Tá an fhadhb mar an gcéanna i ngach áit ar fud na tíre - i nDún na nGall, i Maigh Eo, i nGaillimh, i gCiarraí, i gCorcaigh, i bPort Láirge agus i gContae na Mí. In ainneoin gur ceist náisiúnta í agus gur léir go bhfuil an dúshlán ann go náisiúnta, tá sé mar bhac orainn inár gcuid oibre. Anuas air sin, mar a dúirt Rónán Mac Con Iomaire níos luaithe, tá sé mar bhac ar dhaoine atá ag iarraidh cur fúthu sa Ghaeltacht. Tá dul chun cinn déanta. Rinneamar tagairt d'fhorbairt na hintleachta saorga. Léiríonn sé sin dúinn go bhfuil deiseanna ann fostaíocht teanga-lárnaithe a chruthú. Léiríonn sé chomh maith céanna na deiseanna atá ann ó thaobh fuinneamh glas. Táimid in áit an-mhaith agus tá cúrsaí go maith faoi láthair, cé go bhfuil siad dúshlánach. Tá an tithíocht mar bhac orainn na deiseanna sin a thapú. Is léir gur bac é sin ní hamháin d'fhoireann an údaráis ach do phobal na Gaeltachta.
No comments