Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 24 June 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Clár Oibre agus Tosaíochtaí Údarás na Gaeltachta: Plé
2:00 am
Mr. Rónán Mac Con Iomaire:
Mar a dúirt an príomhfheidhmeannach, tugann muid aitheantas go bhfuil bearna i dtaobh sholáthar forbartha caipitil i nGaeltacht na nDéise le blianta beaga anuas. Go príomha, theip ar dhá iarratas faoin scéim RRDF. Chuige sin, tá muid ag breathnú ar chistí an údaráis le tabhairt faoi seo go sonrach.
I dtaobh an fhreastail ar Ghaeltacht na nDéise, cé go bhfuil ceanncheathrú an údaráis sna Forbacha, breathnaíonn muid go bhfuil an freastal sin á dhéanamh ag réigiún an deiscirt agus go príomha ag ceannasaí an deiscirt atá lonnaithe i mBaile Mhic Íre i nGaeltacht Mhúscraí, atá díreach leath bhealach idir Ghaeltacht Chiarraí agus Ghaeltacht na nDéise.
Tá dhá ghné bainteach le forbairt na nDéise. Tá smacht againn ar cheann amháin den dá ghné sin, is é sin, an t-ionad fiontraíochta. Is é an ghné eile nach bhfuil smacht againn air ná forbairt tithíochta. Mar is eol don Seanadóir, is le hÚdarás na Gaeltachta talamh atá i lár na Rinne i mBaile na nGall. Mar a luaigh an príomhfheidhmeannach níos luaithe, agus muid ag breathnú ar fhorbairtí tithíochta, tá sé tábhachtach go mbreathnaíonn muid ar inmharthanacht agus inbhuanaitheacht na bhforbairtí sin agus a chinntiú go mbeidh an t-infreastruchtúr cuí don phobal san áit. Tá muid i mbun comhairle leis an bpobal faoi láthair. Tá an tréimhse chomhairliúcháin ag teacht chun críche i láthair na huaire maidir le riachtanais an phobail. Tá orainn breathnú ar ionad fiontraíochta a fhorbairt ina mbeadh spásanna gnó, oibre agus oideachais do na luathbhlianta. Caithfear infreastruchtúr ealaíne a bheith ann chomh maith le gur féidir áiteanna cultúrtha a thabhairt san áireamh. Bheadh an t-ionad seo á fhorbairt trasna an bhóthair ón áit atá beartaithe don fhorbairt tithíochta. Beidh plé leanúnach le Comhairle Contae Phort Láirge air seo. Is í seo an áit ina bhfuil muid i láthair na huaire. Tá an próiseas comhairliúcháin mórán críochnaithe amach. Nuair atá sé sin críochnaithe agus feiceann muid an bunchoincheap ag éirí as sin, rachaidh muid chuig an ghné dhearthóireachta de agus chuig an iarratas pleanála ina dhiaidh sin.
No comments