Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 24 June 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Clár Oibre agus Tosaíochtaí Údarás na Gaeltachta: Plé
2:00 am
Mr. Tomás Ó Síocháin:
Gabhaim buíochas leis an Seanadóir Conway. Is deas é a fheiceáil arís. Is iarchomhalta boird é. Gabhaim buíochas leis as an gceist sin. Tá ceantar na Rinne go sonrach ar an gclár oibre atá againn. Iarrfaidh mé ar Rónán Mac Con Iomaire teacht isteach le labhairt ar an togra uaillmhianach atá beartaithe againn ann.
Tá ceantar na Rinne ar an aon cheantar Gaeltachta amháin a d’fhás sna daonáirimh 2016 agus 2022. Is léir dúinn go bhfuil obair mhór á déanamh ar an talamh ó thaobh na Gaeilge de. Is léir dúinn chomh maith céanna go bhfuil dúshláin ann ó thaobh cúrsaí tithíochta agus mar sin de. Maidir le cúrsaí pleanála agus maoinithe, níor éirigh linn forbairt shuntasach caipitil a dhéanamh i gceantar na Rinne le tamall anuas. In iarracht aghaidh a thabhairt air sin agus cur leis an bpobal láidir Gaeilge ansin, tá pleananna anois réitithe d’ionad fiontraíochta. Beidh muid ag cur isteach ar phleanáil tar éis dúinn a bheith i gcomhairle leis an bpobal sa Rinn.
No comments