Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 24 June 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Clár Oibre agus Tosaíochtaí Údarás na Gaeltachta: Plé
2:00 am
Mr. Rónán Mac Con Iomaire:
I dtosach báire, i dtaobh Ros a' Mhíl, ní achainí áitiúla sa phobal a chur deireadh leis an bhforbairt a bhí á dhéanamh. Tugadh cás cúirte, ó eagraíocht nó duine taobh amuigh den cheantar, in aghaidh an tsínte ama ar thug Comhairle Chontae na Gaillimhe go Roinn na Mara, agus bhain sé sin leis an environmental impact study a bhí déanta ar a raibh uasdátú le déanamh air. Tá cead pleanála á chur isteach arís ag Roinn na Mara bunaithe ar sin.
I dtaobh Ros a’ Mhíl, creidimid go láidir ó thaobh an taighde atá déanta againn ina thaobh go bhféadfadh sé bheith lárnach agus cinniúnach maidir le forbairt eacnamaíochta i ndeisceart Chonamara ach freisin ó thaobh cúrsaí ísliú carbóin ar fud an Stáit. Aithnímid go bhféadfadh idir 600 agus 900 post a bheith ag teacht as Ros a’ Mhíl má bhíonn sé ag freastal ar an earnáil fuinnimh gaoithe eischósta. Tiocfaidh mé go dtí togra Charraigeacha na Sceirde i gceann soicind. Is fixed spot atá ansin seachas floating. Táimse ag caint faoin bhfuinneamh eischósta. Tá roinnt dó sin á chur in áit ar fud na cruinne faoi láthair, sa Phortaingéil agus san Iorua ar bhonn tástála. Táimid ag súil go mbeidh sé ag feidhmiú ar bhonn tráchtála faoi thuairim agus 2035. Ceann de na deiseanna a bhaineann le hiarthar na hÉireann ná an fuinneamh atá ann, ach ceann de na dúshláin a bhaineann leis ná leas a bhaint as an bhfuinneamh ó thaobh an gréasán nó an grid náisiúnta. Táimid ag obair le roinnt comhlachtaí i láthair na huaire ag scrúdú deiseanna atá ann maidir le hidrigin ionas gur féidir leas a bhaint as agus off-supply a bheith ann ó thaobh an leictreachas a ghinfí mar chuid dó sin.
Ag teacht leis an méid a dúirt an príomhfheidhmeannach, táimid ag obair leis na meánscoileanna ar fhorbairt cláir oiliúna hidrigin agus fuinneamh gaoithe eischósta. Ceann de na rudaí a thugann muid san áireamh san fhorbairt atá á dhéanamh againn ná go n-aithnímid, sular tháinig TG4 i bhfeidhm in 1996, nach raibh infreastruchtúr ó thaobh an caipiteal daonna in áit in iarthar na hÉireann i dtaca le daoine a bheith ag obair san earnáil sin, ach d'fhág an réamhobair a bhí déanta ag Údarás na Gaeltachta go raibh an caipiteal daonna sin in áiteanna inar tháinig an gréasán sin chun cinn. Aithnímid gur cuid thábhachtach é den obair atáimid ag déanamh anois, agus seans go bhféadfadh sé bheith 2035 sula dtiocfadh an earnáil seo chun cinn, ná go gcinnteoidh muid go bhfuil muid ag cur an traenáil agus oiliúint ar fáil sna pobail Ghaeltachta le go bhfuil na pobail sin cumasaithe leas a bhaint as an obair a thiocfaidh chun cinn.
I dtaobh togra Charraigeacha na Sceirde, bhí meamram comhthuisceana againn le Fuinneamh Sceirde Teoranta i dtaobh gné oiliúna agus an ghné chiste forbartha phobal a bhaineann leis an togra sin agus operational maintenance base a chur ar fáil do Chalafort Ros a’ Mhíl. Tá tuairimíocht éagsúil maidir le cén fáth nach ndeachaigh an scéim sin ar aghaidh agus go bhfuil Corio agus Macquarie Bank ag tarraingt siar as, ach ceann de na rudaí atá le tabhairt san áireamh ná go bhfuil athstruchtúrú a dhéanamh ar Macquarie i láthair na huaire agus go bhfuil Corio, an comhlacht atá ag déanamh forbairt air sin, á chur ar an margadh mar chuid de. Mar a tharlaíonn sé, tá spéis léirithe ag dreamanna eile sa togra seo. D'fhéadfadh nach é seo deireadh an togra, ach ó thaobh an tionchar fostaíochta, eacnamaíochta agus ísliú carbóin ó thaobh an fhuinnimh gaoithe eischósta, feicimid gurb é an floating 2035 ar aghaidh an spás, agus is dócha in san fhorbairt atá le déanamh ar Ros a’ Mhíl feicimid go bhfuil sé ríthábhachtach in aon iarratas pleanála a dhéanann Roinn na mara go gcinnteofar go mbeadh Calafort Ros a’ Mhíl in ann déileáil leis an infreastruchtúr báid agus mar sin a bheidh ag teastáil le haghaidh an earnáil sin amach anseo.
No comments