Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 24 June 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Clár Oibre agus Tosaíochtaí Údarás na Gaeltachta: Plé
2:00 am
Mr. Tomás Ó Síocháin:
Tabharfaidh mise freagra gearr ar an gcéad dul síos agus iarrfaidh mé ar Rónán Mac Con Iomaire teacht isteach ar Ros a’ Mhíl agus togra Charraigeacha na Sceirde. B'fhéidir go bhfreagróidh Dearbháil Ní Chualáin an cheist faoi tithíocht agus na múnlaí nua tithíochta, mar tá roinnt comhlachtaí ag léiriú suime sa spás sin.
Tá dhá fhreagra ar cheist an Teachta. Ar an gcéad dul síos, tá gá le hinfheistíocht ollmhór, ach tá go leor fuinneamh glas á ghiniúint sna réigiúin, go háirithe san iarthar agus san iarthuaisceart. Bunaithe ar fhigiúirí EirGrid ag deireadh 2023, mar shampla, bhí idir 8% ar an meán san iarthar agus bhí na muilte gaoithe múchta mar gheall nach raibh éileamh ann ar an gcumhacht a bhí á ghiniúint. San iarthuaisceart bhí sé sin chomh hard le 11%. Tháinig ardú air sin in 2024, rud a fhágann gur féidir linn cás a thógáil ar an bhfuinneamh glas atá sa réigiún cheana féin. Sin é ar an gcéad dul síos agus tá obair á dhéanamh againn i bpáirt leis na comhairlí áitiúla ag féachaint ar an gceist sin le gur féidir linn margaíocht a dhéanamh ar an réigiún agus a rá go bhfuil fuinneamh glas ann mar atá sé. Tá an domhan ar fad ar thóir fuinnimh glas agus tá muid in ann sin a thairiscint. Tá castachtaí ann ó thaobh praghsanna beo agus dinimiciúil agus rudaí den tsóirt sin, ach ar an iomlán, fágann sé go bhfuil níos mó fuinnimh glas ná mar gur féidir linn a úsáid ag an staid reatha.
Luaigh mé an ról lárnach atá ag na pobail anseo. Beidh Rónán Mac Con Iomaire in ann cur síos a dhéanamh ar thogra Charraigeacha na Sceirde. Mar áisíneacht, luaigh muid an Bord Pleanála nó an Coimisiún Pleanála mar atá anois. Táimid sásta go bhfuil aon rud a théann tríd an bpróiseas sin scrúdaithe ó bhun go barr, agus má tá sé glanta ag an gcóras stáitse in áit, go bhfuil muid sásta leis, agus is é sin an fáth go bhfuil an córas pleanála ann. Mar gheall go bhfuil togra Charraigeacha na Sceirde curtha siar, tá deis againn a bheith ag obair leis na pobail go bhfeicfidh siad an buntáiste a bhaineann leis an bhfuinneamh glas sin mar chéad chéim. Nílimid tar éis na deise sin a thapú mar Stáit agus ba mhaith linn go mbeadh an t-údarás lárnach ansin, ní hamháin go mbeimid in ann an deis sin a thapú ach go mbeimid in ann cur leis an teacht aniar aeráide. Chonaiceamar tar éis Stoirm Éowyn go raibh go leor ceantair fágtha gan fuinneamh, uisce nó teagmháil cumarsáide. Ní mór dúinn an dá rud a tharraingt le chéile le go gcuirfidh sé sin le inbhuanaitheacht na háite.
No comments